20 comhlacht ainmnithe do Ghradam Sheosaimh Uí Ógartaigh

Tá 20 comhlacht istigh ar Ghradam Sheosaimh Uí Ógartaigh atá á reáchtáil ag an eagraíocht Gaillimh le Gaeilge

40120949
The Dáil Bar sa Ghaillimh atá i measc na n-iomaitheoirí do Ghradam Uí Ógartaigh

Tá ceithre chagatóir ann do Ghradam Sheosaimh Uí Ógartaigh atá á reáchtáil ag an eagraíocht Gaillimh le Gaeilge: miondíol; fáilteachas agus turasasóireacht; seirbhísí; agus comlachtaí eile.

Bronntar an Gradam ar ghnólachtaí a chuireann an Ghaeilge chun cinn i gCathair na Gaillimhe. Roghnófar buaiteoir as gach aon cheann de na catagaóirí agus astu sin a roghnófar príomhbhuaiteoir Ghradam Sheosaimh Uí Ógartaigh. Bronnfar duaiseanna ar fiú os cionn €16,000 ar fad iad ar na buaiteoirí.

Dúirt Bríd Ní Chonghóile, Ardfheidhmeannach Ghaillimh le Gaeilge go bhfuil béim láidir ar mhargaíocht ar líne i mbliana agus go gcuireann sé sin le feiceálacht na Gaeilge níos faide i gcéin.

17796
Bríd Ní Chonghóile, Gaillimh le Gaeilge

“Tá éagsúlacht mhaith le sonrú sna hainmniúcháin idir mhéid agus seirbhísí, agus tá súil againn go mbainfidh siad go léir tairbhe agus taitneamh as. I mbliana tugaimid faoi deara go bhfuil béim láidir ar an ngné ‘ar líne’ den Ghradam – tá go leor de na gnólachtaí seo ag baint úsáid as suíomhanna gréasáin agus as gréasáin de na meáin shóisialta lena ngnó a chur chun cinn, seachas a bheith ag brath ar an siopa traidisiúnta i mbéal na sráide.

“Cuidíonn sé seo leis an nGradam agus leis an nGaeilge pobal níos fairsinge a aimsiú agus daingníonn sé freisin an cháil atá ar Ghaillimh mar chathair faoi leith a bhfuil an dátheangachas agus an cultúr i réim inti,” a dúirt sí.

Tá trí cinn déag den fhiche comhlacht istigh ar an ngradam den chéad uair i mbliana. Roghnóidh moltóirí an Ghradaim gearrliosta na mbuaiteoirí Dé Céadaoin 11 Márta. Seo a leanas na hainmniúcháin:

Catagóir Ainmniúcháin Urraitheoir
Miondíol Áil Rúin

Cógaslann & Áilleacht CARA

Siopa Péinteanna Uí Fhátharta

Ollmhargadh na Seoige

Mála

Peter Murphy Lighting and Electrical

Stoves and Fireplaces

Galway Bay FM
Fáilteachas agus Turasóireacht Brasserie on the Corner

Seodóirí an Chladaigh

The Dáil Bar

The Front Door

Fáilte Éireann
Seirbhísí C-SideSound

Cope na Gaillimhe

Ióga na Rinne Móire

Súil Nua Architecture Ltd

Tí Tighe Fascinators 7 Fáiscín

Snap Galway
Comhlachtaí Eile CLG Bóthar na Trá/Chnoc na Cathrach

Consult Conor       iSupply

MÓRpr

Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, OÉ Gaillimh.

 

Fág freagra ar '20 comhlacht ainmnithe do Ghradam Sheosaimh Uí Ógartaigh'