2.3m duine meallta chun na Gaeilge ag Duolingo agus iad molta ag an Uachtarán

Tá imeacht speisialta á reáchtáil in Áras an Uachtaráin inniu le haitheantas a thabhairt don seachtar a d’fhorbair cúrsa Gaeilge Duolingo

2.3m duine meallta chun na Gaeilge ag Duolingo agus iad molta ag an Uachtarán

Tá moladh tugtha ag Uachtarán na hÉireann, Mícheál D. Ó hUiginn, don aip foghlamtha teanga Duolingo, as 2.3 milliún duine a mhealladh chun an Ghaeilge a fhoghlaim agus cuirfidh sé fáilte roimh an seachtar a chruthaigh an cúrsa Gaeilge don aip in Áras an Uachtaráin inniu.

Tá an ócáid á reáchtáil ag an Áras le haitheantas a thabhairt don seachtar as “an méid atá bainte amach acu don Ghaeilge”.

Beidh ionadaithe ó Duolingo féin, na daoine a chuir an leagan Gaeilge ar fáil agus ionadaithe ó Chonradh na Gaeilge i láthair ag an ócáid níos deireanaí inniu.

Labhróidh an tUachtarán lena mbeidh i láthair faoin obair atá ar bun ag Duolingo agus faoi chur chun cinn na Gaeilge. Seolfaidh Conradh na Gaeilge scéim nua gradam ag an ócáid le haitheantas a thabhairt do dhaoine a chuirfidh an teanga chun cinn in 2017.

Ó cuireadh an cúrsa Gaeilge ar fáil ar Duolingo os cionn dhá bhliain ó shin, tá 2.3 milliún duine tar éis úsáid a bhaint as leis an teanga a fhoghlaim. Tá an Ghaeilge anois ar cheann de na deich dteanga is mó tóir ar an aip ar fud an domhain.

Is sna Stáit Aontaithe atá formhór na bhfoghlaimeoirí seo lonnaithe, ach tá muintir an hÉireann, na Ríochta Aontaithe agus Cheanada i measc na ndreamanna is mó atá á úsáid le Gaeilge a fhoghlaim nó le barr feabhais a chur ar a scileanna teanga.

Tá 87 cúrsa teanga ar fad ag Duolingo agus tá 150 milliún duine á úsáid le teangacha an domhain a fhoghlaim. Is mó an tóir atá ag úsáideoirí na haipe ar an nGaeilge ná mar atá acu ar an bPolainnis, an Danmhairgis agus an tSualainnis.

“Is ardú meanman é domsa, an oiread seo daoine a fheiceáil ag baint tairbhe as cúrsa Gaeilge saor in aisce agus mé ag obair air le dhá bhliain go leith anuas. Is fiú go mór an obair dhian dhícheallach atá á déanamh againn nuair a fheictear an t-éileamh idirnáisiúnta atá ar an gcúrsa agus go bhfuil 3,000 duine nua á úsáid in aghaidh an lae,” a dúirt Oisín Ó Doinn, duine d’fhorbróirí an chúrsa Gaeilge.

Dúirt Leas-Uachtarán Forbartha Duolingo go raibh “ríméad” air a bheith páirteach in “athbheochan” theanga “álainn” na Gaeilge agus a bheith in ann cabhrú leis na hiarrachtaí atá ar bun pobal labhartha Gaeilge a chothú sa 21ú haois.

Fógraíodh go mbeadh cúrsa Gaeilge ann ar Duolingo Lá Fhéile Pádraig 2014 agus seoladh an leagan Beta de i mí Lúnasa na bliana sin. Tá an aip féin ar an bhfód le ceithre bliana anuas.

Bhronn Apple gradam ‘Aip na Bliana’ ar Duolingo sa bhliain 2013 agus ba í an aip oideachasúil ba mhó a íoslódáladh ar Google Play in 2013 agus in 2014.

Fág freagra ar '2.3m duine meallta chun na Gaeilge ag Duolingo agus iad molta ag an Uachtarán'