1916-2016: Síleann Arlene Foster gur ‘country’ é Tuaisceart Éireann, ach níl ann ach ‘Maigh Eo mór le rá’

‘Ulster will fight and Ulster will be right’? Céad bliain i ndiaidh Éirí Amach na Cásca agus níl cumhacht ná saoirse ag polaiteoirí an Tuaiscirt

Stormont. Pictiúr: Photocall
Stormont. Pictiúr: Photocall

Céad bliain ó shin, ar an 24 Aibreán 1916, a thosaigh an scliúchas sin chun saoirse. Céad bliain níos faide anonn agus tá impleachtaí polaitiúla na seachtaine sin ag imirt tionchair orainn go fóill. Tá Dáil i nDuibhlinn agus feidhmeannas i mBéal Feirste agus níl deireadh leis an iomaíocht idir glas agus buí ná baol air.

Dé Máirt na seachtaine seo féin a thug Chéad Aire Thuaisceart Éireann, Arlene Foster, sonc do cheannaire Fhianna Fáil, Micheál Martin. Ní sásta a bhí sí lena raibh le rá ag ceannaire an pháirtí phoblachtánaigh faoi chúrsaí polaitíochta sa Tuaisceart.

Arsa Foster: “If it wasn’t so offensive it would probably be quite funny. Here is a man who is part of a political jurisdiction that 53 days after a general election can’t form a government yet he spends his time making comments about a different country.”

Á, sin lasc de theanga ghéar dlíodóra a chuirfeas múineadh ar Martin? Nó an gcuirfidh? Síleann Foster gur “country” é Tuaisceart Éireann – rud nach bhfuil fíor.

Is é an rud is fearr is féidir leat a rá faoin Tuaisceart gur réigiún riaracháin de chuid na Ríochta Aontaithe é. Ní tír í ar nós na hAlban, na Breataine Bige nó Shasana féin fiú. Lá den saol, ba é an cur síos a bhíodh ag mórán aontachtaithe air ná “the province” ach níl province ná province sa Bhreatain Mhór féin. Is é an contae an dúiche áitiúil a dtugann Sasanaigh ach go háirithe gean agus dílseacht dó. Baineann ‘cúige’ le tíreolas agus le stair na hÉireann.

Bhí an ceart aici gur “government” a bhí le bunú sa Phoblacht, rialtas stáit. Ní ‘government’ atá san fheidhmeannas i mBéal Feirste ach ollchomhairle contae. Cinnte, is breá leis na polaiteoirí áitiúla ‘airí’ a thabhairt orthu féin ach cá bhfuil an polaiteoir ar domhan nach dtaitníonn gradam leis?

Tig leis an Taoiseach labhairt ar son phobal a Stáit; tig leis airgead a bhailiú agus a chaitheamh de réir mar is maith leis; tig leis praiseach iomlán a dhéanamh de gach aon rud a leagann sé a lámh air, ach is ceannaire stáit i gcónaí é. Ní thig le hArlene  Foster nó a leathbhádóir, an Leas-Chéad Aire, Martin McGuinness, mórán eile a dhéanamh ach an t-airgead a fhaigheann siad ó Westminster a roinnt.

B’fhéidir go bhfuil an chaint seo ar fad faoi Éirí Amach agus faoi shaoirse ag cur cumha ar Foster? B’fhéidir go bhfuil na himeachtaí ag cur i gcuimhne di go bhfuil an réimse pholaitiúil a bhí faoi smacht ag aontachtaithe ag éirí níos cúinge agus níos cúinge le himeacht ama? Níl an Ríocht Aontaithe chomh haontachtaithe agus a bhí, a bhuíochas sin ar Albanaigh achrannacha.

Níor chuir sé iontas orm nár fhreastail ionadaithe de chuid pháirtithe aontachtúla ar chomóradh an Éirí Amach i mBaile Átha Cliath; ní ar a shon a bhí siad.

Lena chois sin, samhlaíonn tú, ar bhonn pearsanta, go mbeadh a leithéid d’ócáid crua orthu, iad ina seasamh ar Shráid Uí Chonaill agus iad ag smaoineamh leo féin: ‘Didn’t we use to have an empire?’

Déantar dearmad de go minic go raibh greim docht ag an impireacht sin ar mheon aontachtaithe 1916. Is cinnte gur chothaigh ceannairí aontachtúla na linne achrann seicteach leis an líne ‘Home Rome is Rome Rule’. Thairis sin, áfach, bhí imní ar aontachtaithe eile go mbeadh impleachtaí gnó i gceist le saoirse na hÉireann, go gcaillfí margaí idirnáisiúnta na himpireachta. (Cineál Irexit a bheadh ann.)

Bhí de thoradh ar an chríochdheighilt gur baineadh an bonn tionsclaíoch den Deisceart ar fad beagnach – rud a d’imir a thionchar tubaisteach féin ar eacnamaíocht an Deiscirt go ceann i bhfad agus rud nach bpléitear go minic, feictear dom, agus deacrachtaí eacnamaíochta an tSaorstáit agus ar lean de á phlé.

Mar sin féin, is maith an scéalaí an aimsir agus is ar éigean gurb ann don tionsclaíocht sa Tuaisceart féin anois ach an oiread. Tá deireadh le fada le tógáil long; druideadh monarcha mhór eile ar an Bhaile Meánach ar na mallaibh agus tá monarcha mhór eitleán Bhéal Feirste, Bombardier, an fostóir is tábhachtaí sa réigiún, ag tabhairt bata agus bóthar dá cuid oibrithe diaidh ar ndiaidh.

Ní thig le hArlene Foster ná aon duine eile i dTionól Thuaisceart Éireann rud ar bith a dhéanamh faoi ach a ngearán a dhéanamh lena saoistí i Londain. Cumhacht ná cumhacht níl acu. Tá Tuaisceart Éireann ina Mhaigh Eo mór le rá faoin am seo. Oiread chéanna leis an Phoblacht, tá oideachas á chur ar an mhuintir óga le gur féidir leo postanna níos fearr a fháil thar sáile – bíodh an Bhreatain, an mhór-roinn nó Amerikay i gceist.

An mbeadh an scéal amhlaidh sa chás go raibh Béal Feirste ina chuid d’Éirinn Aontaithe? Cuireann Cormac Ó Comhraí síos ina leabhar nua, Sa Bhearna Bhaoil, ar fheachtas a reáchtáil poblachtánaigh in éadan chomhlachtaí i mBéal Feirste le linn 1921: “Rinne na hóglaigh i gceantar Bhaile Locha Riach ruathar ar an stáisiún traenach agus thóg siad buataisí agus bróga as Béal Feirste…Ní raibh an baghcat éifeachtach ó thaobh deireadh a chur leis an chríochdheighilt … Ag an am céanna bhí toradh feiceálach aige ar gheilleagar Bhéal Feirste. Chaill siad an-chuid gnó dá bharr.”

Níl tionscadal bróg ná buataisí i mBéal Feirste anois.

Throid aontachtaithe Uladh ar son mhargaí na himpireachta ach ar chaill siad an margadh seasmhach ba mhó a bhí acu – pingineacha phobal na hÉireann – theas, thoir agus thiar?

logo-1916-wide

Fág freagra ar '1916-2016: Síleann Arlene Foster gur ‘country’ é Tuaisceart Éireann, ach níl ann ach ‘Maigh Eo mór le rá’'

  • Seán

    Ardfhear… caint le fuaimint.

  • Páid Ó Donnchú

    “Home Rule is Rome Rule” seicteach?

    B’fhéidir. Ach nach raibh sé fíor?