‘1916 agus an Fhéiniúlacht’ le plé ag Comhdháil in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh an deireadh seachtaine seo

Pléifear ag comhdháil sa Ghaillimh an deireadh seachtaine seo ról Chonradh na Gaeilge sa Réabhlóid, ceist na Gaeilge sa pholaitíocht, an fhéiniúlacht náisiúnta, agus mar a shamhlaítear an náisiún sa litríocht

‘1916 agus an Fhéiniúlacht’ le plé ag Comhdháil in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh an deireadh seachtaine seo

 

Pléifear ‘1916 agus an Fhéiniúlacht Náisiúnta’ ag Comhdháil ar Litríocht agus ar Chultúr na Gaeilge a reáchtálfar in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh an deireadh seachtaine seo.

Beidh 11 cainteoir i láthair ag an gComhdháil atá á heagrú ag John Walsh agus Lesa Ní Mhunghaile mar chuid de chlár comórtha na hOllscoile ar 1916.

Is iad na hábhair a bheidh faoi chaibidil ag na cainteoirí sin ‘Conradh na Gaeilge agus an Réabhlóid’, ‘An Ghaeilge agus an Pholaitíocht’, ‘An Fhéiniúlacht agus an Náisiún’, agus ‘Samhlú an Náisiúin sa Litríocht’.

I measc na gcainteoirí a bheidh ansin, beidh Róisín Ní Ghairbhí, údar an leabhair 16 Lives: Willie Pearse, an file aitheanta Ailbhe Ní Ghearbhuigh, an fear teanga Nollaig Mac Congáil, agus an tOllamh le Gaeilge agus an Litríocht i Notre Dame, Brian Ó Conchubhair.

Beidh na cainteanna féin ar siúl Dé Sathairn ach cuirfear tús leis an gComhdháil ar an Aoine nuair a sheolfar an ócáid i bhforhalla Áras na Gaeilge ag 4.30.

Ar an Aoine chomh maith, seolfar roinnt leabhar, iris agus suíomh nua idirlín

Is é Dónall Ó Braonáin, Príomhfheidhmeannach Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge a sheolfaidh an dara heagrán den ríomhiris acadúil COMHARTaighde.

Seolfaidh an Dr Rióna Ní Fhrighil úrscéal nua Alex Hijmans an tí seo, An Tearmann, atá foilsithe ag Cois Life. Seolfar dhá leabhar nua de chuid Leabhar Breac freisin: Múinídh Dom Glao, leabhar Michelle O Riordan faoi fhilíocht na mBard a sheolfaidh an Dr Tadhg Ó Dúshláine agus An Chaora Ghlas cnuasach béaloideas as Dúiche Sheoigeach le hAilbhe Nic Giolla Comhaill, a bheidh á sheoladh ag an Dr Pádraig Ó Héalaí.

Seolfar oíche amárach chomh maith an suíomh idirlín Léann, iris ar líne Chumann Léann na Litríochta.

– Tá tuilleadh eolais faoin gComhdháil ar fáil ó lucht a heagraithe ag eolas@comhdhail.com.

Fág freagra ar '‘1916 agus an Fhéiniúlacht’ le plé ag Comhdháil in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh an deireadh seachtaine seo'