1916-2016: Dhá nóiméad ciúnais, dhá nóiméad díoltais nó dhá nóiméad sóláis?

Agus imeachtaí 1916 á dtabhairt chun cuimhne in Éirinn cuimhníonn ár gcolúnaí, a rugadh san Ísiltír, ar nósanna cuimhneacháin na tíre sin.

Fogra 1916 strapremembrance-day-n

An ceathrú lá de Bhealtaine 1983, leathuair tar éis a seacht sa tráthnóna. Tá an ghrian ag dul faoi os cionn an pharlúis uachtair reoite ar an taobh thall den bhóthar. Ar mo chúl, titeann gathanna órga ar dhosaen leaca bána i reilig an teampaill phrotastúnaigh i lár an bhaile, uaigheanna dháréag saighdiúirí ón mBreatain a thug a mbeatha le go bhféadfadh mo leithéidse, buachaill óg Ísiltíreach, cónaí i dtír ina bhfuil saoirse agus síocháin i réim.

Tá greim láimhe ag m’athair orm. Tá monabhar cainte ón slua timpeall orainn, ach tá m’athair ina thost. Bhí an aois cheannann chéanna ag m’athair agus atá agamsa anois – nach mór ocht mbliana d’aois – nuair a thosaigh an Dara Cogadh Domhanda.

Déanann an méara comhartha leis an slua agus tuirlingíonn ciúnas ar chách. Tosaímid ag siúl. Plúchann ár dtost sráideanna an bhaile.

Táim ar bís agus táim bródúil: seo an chéad uair dom freastal ar an stille tocht, ar an gcamchuairt ciúin, i gcuideachta m’athar. Bhí ar mo dheartháir, nach bhfuil ach bliain amháin níos óige, fanacht sa bhaile le mo mháthair.

Fillimid ar an teampall Protastúnach ar bhuille a hocht. Ach níl aon bhuillí ann: ar feadh dhá nóiméad, beidh an tír ar fad ina tost. Stopfaidh carranna le taobh an bhóthair. Fanfaidh traenacha ina stad leath bhealaigh idir dhá stáisiún. Dúnaim mo shúile agus déanaim mar a thuigtear dom a bhfuil orm a dhéanamh anois: músclaím an fuath ar fad atá mo chroí beag seacht mbliana d’aois in ann a mhúscailt, agus dírím an fuath sin ar mhuintir na Gearmáine.

Mo shúile dúnta, cuimhním ar na scéalta a d’inis m’athair dom faoina óige.  Cuimhním ar na ranganna staire ar scoil agus ar na scannáin faoin gCogadh atá á dtaispeáint ar an teilifís oíche i ndiaidh oíche le mí anuas, scannáin ina bhfuil an saol an dubh agus bán agus na daoine goed (ar thaobh an chirt) nó fout (ar thaobh an oilc).

Fealltóirí lofa bréana curtha as an áireamh, bhí muintir na hÍsiltíre ar fad ar thaobh an chirt agus bhí muintir na Gearmáine ar fad ar thaobh an oilc. Samhlaím buama adamhach ag pléascadh os cionn na Gearmáine, buama a scuabfadh muintir na Gearmáine ar fad ó chlár na cruinne agus a dhéanfadh loch mór den tír.

Buillí an chloig ag dhá nóiméad tar éis a hocht agus fonn foisteanach an amhráin náisiúnta a dhúisíonn as m’aisling dhíoltais mé.

Cúig bliana ina dhiaidh sin, Lá Bealtaine 1988, maraíonn an tIRA triúr saighdiúirí ón mBreatain i ndhá luíochán éagsúla in oirdheisceart na hÍsiltíre. Tá mé nach mór trí bliana déag d’aois anois agus tá sé oibrithe amach agam ó bheith ag breathnú ar nuacht na ndaoine fásta nach bhfuil baint, sa deireadh, ag an IRA leis an gcogadh idir an Iaráin agus an Iaráic (shíl mé go raibh, toisc nach gcloisinn ar an nuacht, oíche i ndiaidh oíche, ach an rann seo: ‘IRA, Iran, Irak’)

Tuaisceart Éireann a shaoradh ón mBreatain, sin, is cosúil, a theastaíonn ón IRA. Agus leis sin, feictear dom, níl an dream seo éagsúil ó het verzet, na grúpaí armtha Ísiltíreacha a throid i gcoinne na nGearmánach le linn an Dara Cogaidh Dhomhanda agus atá ina laochra sna leabhair staire ar scoil.

Ach na daoine atá á marú ag an IRA seo, sin iad saighdiúirí na Breataine, na laochra a shaor baile dúchais m’athar nuair a bhí sé sin nach mór trí bliana déag d’aois – an aois atá agamsa anois. Táim ag teacht ar an tuiscint, den chéad uair, nach dubh agus bán atá an saol.

Dhá bhliain ina dhiaidh sin arís, ar an 27 Bealtaine 1990, dúnmharaíonn an tIRA beirt thurasóir Astrálach in oirdheisceart na hÍsiltíre. Shíl an tIRA gur shaighdiúirí ón mBreatain a bhí sa bheirt. Cuireann an scéal seo deireadh le pé rómansúlacht a shíl mise, stócach ceithre bliana déag d’aois, a bhain le trodaithe saoirse d’aon chineál.

Más rud é go bhfuil sé de mhisneach ag buíon bhithiúnach beirt a mharú nach raibh baint ná páirt acu le coimhlint na mbithiúnach céanna, i dtír nach bhfuil baint ná páirt acu leis an gcoimhlint sin ach an oiread, ní amháin gur léir nach bhfuil an saol dubh agus bán, ach is léir gur áit ghránna, mhí-fhéaráilte agus lofa go smior atá sa domhan ar fad. Cuirim téip de chuid The Smiths ar siúl go hard; baineann How Soon Is Now? macalla as ballaí an tseomra suite.

Tráthnóna earraigh, ocht mbliana níos déanaí, is le ceol na n-éan, atá le cloisteáil tríd an bhfuinneog oscailte, atáim ag éisteacht agus mé i mo shuí i seomra suite an tí ina bhfuil cónaí orm i Rathún, i nGaillimh. Tá suaimhneas agus síocháin i réim…

Go tobann, buaileann sé idir an dá shúil mé gurb é an ceathrú lá de Bhealtaine atá ann. Breathnaím ar m’uaireadóir. Ceathrú chun a seacht. Mar gheall ar an difear ama leis an Ísiltír, níl agam ach ceathrú uaire an chloig. Léimim isteach sa charr agus bainim Coill Bhearna amach ar bhuille a hocht. Cumhdaithe ag ciúnas na gcrann, fanaim i mo thost agus cuimhním ar na mairbh.

Na mairbh. Den chéad uair, an bhliain sin, tá m’athair féin ina measc.

Cosúil le go leor Ísiltíreach eile sa lá atá inniu ann, ní ar mhairbh an Dara Cogadh Domhanda amháin a bhím ag smaoineamh ar an gceathrú lá de Bhealtaine ach ar íobartaigh chogaí an lae inniu freisin. Bíonn daoine ag smaoineamh freisin orthu siúd a bhí gar dóibh féin agus a d’imigh ar shlí na fírinne.

Is mór an t-athrú atá tagtha ar ócáidí cuimhneacháin oifigiúla an cheathrú lá de Bhealtaine san Ísiltír ó sheas mise le taobh m’athar ag leaca shaighdiúirí na Breataine. Cuirtear gnáthmhuintir na Gearmáine a d’fhulaing le linn an Dara Cogadh Domhanda san áireamh sa chuimhneachán anois (cé nach gcuirtear san áireamh saighdiúirí agus ceannairí an Tríú Reich).

Tá plé leanúnach ann chun a chinntiú go n-athraítear na hócáidí cuimhneacháin de réir mar a athraíonn an tsochaí agus dearcadh na sochaí ar an stair.

Agus is mór an t-athrú atá tagtha orm féin ón am gur ghlac mé páirt in ócáid chuimhneacháin an cheathrú lá de Bhealtaine den chéad uair. Ní bhím ag iarraidh buama adamhach a phléascadh os cionn na Gearmáine a thuilleadh, ach ag insint bhréige a bheinn dá ndéarfainn nár chothaigh an tógáil a fuair mé ó mo mhuintir, an t-oideachas a tugadh dom ar scoil agus an míle scannán, clár teilifíse agus leabhar faoin Dara Cogadh Domhanda réamhchlaontaí ionam i gcoinne mhuintir na Gearmáine nach bhfuil – cén chaoi a gcuirfidh mé é? – ‘dearfach’.

Tá focal san Ísiltíris ar an gciníochas seo a raibh glacadh forleathan leis go dtí le réasúnta gairid, ciníochas a dtugtaí moladh do dhuine, fiú amháin, nuair a bhí sé á léiriú ag aige: Duitserhaat, nó ‘Gráin do Mhuintir na Gearmáine’.

Níl a leithéid d’fhocal sa Ghaeilge nó i mBéarla do na mothúcháin a spreagann an Bhreatain i gcroí go leor de mhuintir na hÉireann, ach ba léir dom, le linn an 12 bliain go raibh cónaí orm in Éirinn, go mbeadh a leithéid úsáideach. Tá muintir na hÉireann inchurtha le muintir na hÍsiltíre ó thaobh géire na goimhe a spreagann a gcomharsana móra ar an taobh thoir.

Is minic a rith sé liom agus mé ar thóir an chiúnais i gCoill Bhearna ar an gceathrú lá de Bhealtaine nach raibh a leithéid de lá cuimhneacháin ag muintir na hÉireann. Dá mbeadh, an músclódh sé fuath agus gráin, mar a tharla domsa nuair a bhí mé óg? Nó an dtabharfadh a leithéid sólás agus suaimhneas dóibh, mar a thugann an ceathrú lá de Bhealtaine dom anois?

An é go gcaithfidh duine, go gcaithfidh pobal, dul tríd na mothúcháin seo ar fad chun glacadh leis an stair, chun teacht in inmhe?

Guím gaois ar mhuintir na hÉireann agus imeachtaí 1916 á dtabhairt chun cuimhne.

Logo 1916 wide

Fág freagra ar '1916-2016: Dhá nóiméad ciúnais, dhá nóiméad díoltais nó dhá nóiméad sóláis?'

  • Aonghus Ó hAlmhain (@aonghusoha)

    Ana aiste. Is annamh an stair dubh agus bán, agus ar ndóigh bíonn an stair fite fuaite i bpolaitíocht an lae freisin.

  • Fergus Ó Néill

    Feictear dom gur cuma cén tír le stair den chíneál sin a bhíonn i gceist, tagann patrúin chun solais a mbíonn cosúlacht shuntasach le sonrú i gcás gach ceann acu.

    Bíonn an scéal mór dearfach ann agus creatlach mhór éígin den fhírinne ann, scéal nach gcuireann isteach ar an mothálacht náisiúnta agus a chraobhscaoiltear go hoifigiúil dá bharr. Taobh istigh den scéal mór bíonn scéal eile, áfach: scéal beag suarach a bhaineann le mionlach – mionlach suntasach go fiú, b’fhéidir – den phobal agus a thagann salach ar mheon an scéil mhóir. Féachtar chuige go gcoinnítear an scéal beag suarach i bhfolach faoi scáth an scéil mhóir chomh maith agus chomh fada agus is féidir.

    Tamall de bhlianta ó shin bhínn go minic i Münster agus uair amháín bhí taispeántas ar cuairt ón Ísiltír sa chathair dar theideal “Die Kinder niederländischer Kollaborateure” faoi pháistí na nÍsiltíreach a chomhoibrigh leis na Gearmánaigh le linn an chogaidh. Chuir líon mór na ndaoine seo, na ndaoine fout, ionadh nach beag orm. Ar aon lá amháin sa bhliain 1944, mar shampla, bhí 60,000 mná chéile agus páistí na gcomhoibrí seo ag plódú isteach sna traenacha chun taisteal soir chuig an Ghearmáin ar a dteitheadh óna Comhghuaillithe (agus na traenacha á mbuamáil ag aerfhórsaí na gComhghuaillithe).

    Faoi dheireadh gearradh téarmaí príosúin ar na tuismitheoirí san Ísiltír agus cuireadh a gcuid páistí – na mílte, mílte díobh – isteach in árais leanaí. Tugadh droch-íde do na páistí agus deineadh leatrom orthu go minic sna hárais leanaí sin. D’fhéadfaí a rá gur baineadh díoltas as na páistí seo cé nach raibh siad ciontach lenar dhein a dtuismitheoirí agus ar feadh na mblianta fada d’fhulaing siad anró agus éagóir.

    Tá scéalta móra agus scéalta beaga ann a bhaineann le gach aon tír, nach mór – agus go leor taithí againn féín ar a leithéid. Cé nár chóir go díreach an stair a chur bunoscionn de bharr na scéalta beaga suaracha seo – rud a dhéantar go fonnmhar in Éirinn ar uaire – b’fhéidir gur chóir, fós féin, píosa beag a bhaint anseo is ansiúd de churadhmhír an scéil mhóir.

  • Fergus Ó Néill

    Feictear dom gur cuma cén tír le stair den chíneál sin a bhíonn i gceist, tagann patrúin chun solais a mbíonn cosúlacht shuntasach le sonrú i gcás gach ceann acu.

    Bíonn an scéal mór dearfach ann agus creatlach mhór éígin den fhírinne ann, scéal nach gcuireann isteach ar an mothálacht náisiúnta agus a chraobhscaoiltear go hoifigiúil dá bharr. Taobh istigh den scéal mór bíonn scéal eile, áfach: scéal beag suarach a bhaineann le mionlach – mionlach suntasach go fiú, b’fhéidir – den phobal agus a thagann salach ar mheon an scéil mhóir. Féachtar chuige go gcoinnítear an scéal beag suarach i bhfolach faoi scáth an scéil mhóir chomh maith agus chomh fada agus is féidir.

    Tamall de bhlianta ó shin bhínn go minic i Münster agus uair amháín bhí taispeántas ar cuairt ón Ísiltír sa chathair dar theideal “Die Kinder niederländischer Kollaborateure” faoi pháistí na nÍsiltíreach a chomhoibrigh leis na Gearmánaigh le linn an chogaidh. Chuir líon mór na ndaoine seo, na ndaoine fout, ionadh nach beag orm. Ar aon lá amháin sa bhliain 1944, mar shampla, bhí 60,000 mná chéile agus páistí na gcomhoibrithe seo ag plódú isteach sna traenacha chun taisteal soir chuig an Ghearmáin ar a dteitheadh óna Comhghuaillithe (agus na traenacha á mbuamáil ag aerfhórsaí na gComhghuaillithe).

    Faoi dheireadh gearradh téarmaí príosúin ar na tuismitheoirí san Ísiltír agus cuireadh a gcuid páistí – na mílte, mílte díobh – isteach in árais leanaí. Tugadh droch-íde do na páistí agus deineadh leatrom orthu go minic sna hárais leanaí sin. D’fhéadfaí a rá gur baineadh díoltas as na páistí seo cé nach raibh siad ciontach lenar dhein a dtuismitheoirí agus ar feadh na mblianta fada d’fhulaing siad anró agus éagóir.

    Tá scéalta móra agus scéalta beaga ann a bhaineann le gach aon tír, nach mór – agus go leor taithí againn féín ar a leithéid. Cé nár chóir go díreach an stair a chur bunoscionn de bharr na scéalta beaga suaracha seo – rud a dhéantar go fonnmhar in Éirinn ar uaire – b’fhéidir gur chóir, fós féin, píosa beag a bhaint anseo is ansiúd de churadhmhír an scéil mhóir.