18 post le cruthú ag ionad nua próiseála feamainne i nGaeltacht Thír Chonaill

Beidh maoiniú á chur ar fáil ag Údarás na Gaeltachta do BeoBio Teo le comhlacht próiseála feamainne a chur ar bun sna Dúnaibh

18 post le cruthú ag ionad nua próiseála feamainne i nGaeltacht Thír Chonaill

Tá 18 post nua fógartha i nGaeltacht Thír Chonaill, sa chomhlacht BeoBio Teo, cliantchomhlacht de chuid Údarás na Gaeltachta.

Ba é an tAire Stáit do Ghnóthaí Gaeltachta Joe McHugh a d’fhógair na poist agus é ag labhairt ag cruinniú boird de chuid Údarás na Gaeltachta in Árainn Mhór inniu. Beidh maoiniú á chur ar fáil ag Údarás na Gaeltachta do BeoBio Teo le comhlacht próiseála feamainne a chur ar bun sna Dúnaibh i bhfíorthuaisceart an chontae.

Beidh an comhlacht ag próiseáil táirgí feamainne d’earnáil an bhia agus d’earnáil na cógaisíochta. Táthar ag súil go mbeidh na poist nua á líonadh sna trí bliana amach romhainn. Infheisteofar €750,000 ar fad sa togra agus cuirfidh Údarás na Gaeltachta pacáiste €200,000 ar fáil mar chuid de sin.

Dúirt Joe McHugh go gcruthóidh an comhlacht deiseanna fostaíochta do mhuintir na Gaeltachta i dtuaisceart Thír Chonaill. Mhol sé an obair a rinne foireann an Údaráis agus príomhfheidhmeananch na heagraíochta, Micheál Ó hÉanaigh, leis an gcomhlacht a mhealladh chun an cheantair.

“Cuirfidh na poist seo borradh mór faoin gceantar. Tá sé i gceist ag an gcomhlacht togra próiseála feamainne a lonnú sa cheantar, a thabharfaidh feamainn fhiáin, agus feamainn fheirme sa deireadh, isteach le triomú agus le púdar luachmhar a dhéanamh aisti,” a dúirt McHugh.

Fág freagra ar '18 post le cruthú ag ionad nua próiseála feamainne i nGaeltacht Thír Chonaill'