Comórtas ‘aon bhalla’ chugainn arís

Is é seo an t-aon chomórtas aon bhalla a imrítear ar oileán ar bith agus is í Inis Mór an t-oileán cuí, go háirithe más ar thóir spraoi atá tú

Handball 4

Tá an comórtas ‘aon bhalla’ ar siúl arís i mbliana. Seo é an cúigiú bliain ag an gcomórtas iontach seo a bheith ar siúl in Inis Mór. Glacaim féin páirt sa gcomórtas chuile bhliain agus bíonn an-spraoi ag baint leis. Tá chuile aoisghrúpa ann, idir bhuachaillí agus chailiní, ag tosaí faoi 10 mbliana d’aois.

Is é seo an t-aon chomórtas aon bhalla a imrítear ar oileán ar bith agus is í Inis Mór an t-oileán cuí. Is í Inis Mór an t-oileán is mó den trí oileán Arainn amach ó chósta na Gaillimhe. Bíonn an-deireadh seachtaine amuigh ann chuile bhliain nuair a bhíonn an comórtas ar siúl. Fagann chuile dhuine an mhórthír trathnóna Dé hAoine ar an mbád deireanach as Ros a’ Mhíl. Is ar an mbád sin a thosaíonn an chraic agus chuile dhuine ag tnúth go mór leis an gcomórtas.

Bíonn rud eicínt le déanamh ag na himreoirí i gconaí mura bhfuil siad féin ag imirt. Bíonn réiteoireacht le déanamh ar chluichí, daoine i gconaí ag teastáil chun línte a fhaire do na réiteoirí agus a bheith ag ríocht i ndiaidh na liathróidí a théann siar nó soir sna garrantaí.

Más rud é nach bhfuil baint ná pairt agat leis an imirt ach go bhfuil tú ann le tacaíocht a thabhairt do do mhac nó do d’iníon, ní bheidh oiread is nóimead ann a mbeidh leadrán ort. Tá trí áit imeartha ann agus cluichí den scoth ar siúl i ngach ceann díobh. Beidh tú coinnithe ag siúl ó áit go háit ar feadh an lae Dé Sathairn.

Oíche Dé Sathairn ansin bíonn ceol ar siúl in Óstán Árann, an áit a dtagann chuile dhuine le chéile. Bíonn sé ar siúl freisin sna tithe tábhairne fud fad an oileáin.

Filleann chuile dhuine ar an mórthír ar an Domhnach th’éis deireadh seachtaine den scoth a chaitheamh ar an oileán.

Tá an t-eolas uilig faoin gcomórtas – praghasanna, uimhreacha teagmhála, srl – ar fáil ar shuíomh oifigúil Liathróid Láimhe na hÉireann.

Fág freagra ar 'Comórtas ‘aon bhalla’ chugainn arís'