1,661 freagra a tugadh ar phróiseas comhairliúchán na gCultúrlann

D’fhógair an Foras inné go bhfuil sé i gceist ag an eagraíocht deis mhaoinithe trí bliana a chur ar fáil don dá chultúrlann ó thuaidh

1,661 freagra a tugadh ar phróiseas comhairliúchán na gCultúrlann

Tugadh 1,661 freagra ar an bpróiseas comhairliúcháin a reáchtáil Foras na Gaeilge níos luaithe i mbliana faoin maoiniú a chuirfí ar fáil d’ionaid Ghaeilge ar fud na tíre.

D’fhógair an Foras inné nach bhfuil sé i gceist ag an eagraíocht dul chun cinn le plean maoiniú a chur ar fáil d’ionaid Ghaeilge ar fud na tíre agus go bhfuil deis mhaoinithe trí bliana eile á tabhairt do Chultúrlann McAdam Ó Fiaich i mBéal Feirste agus Cultúrlann Uí Chanáin i nDoire.

Tháinig an chuid is mó de na freagraí ó eagraíochtaí atá lonnaithe ó thuaidh, agus deir an Foras gur “léir gur ritheadh feachtas tacaíochta” don dá chultúrlann.

Fuarthas 1,056 freagra ag tacú leis an gcultúrlann i nDoire agus 557 ag tacú leis an gcultúrlann i mBéal Feirste.

Tugadh freagraí i nGaeilge agus i mBéarla ar an bpróiseas comhairliúcháin. I gcás Chultúrlann Uí Chanáin, tháinig 95% de na freagraí a raibh seoladh luaite orthu ó chathair Dhoire féin. Thacaigh seisear MLA leis an bhfeachtas ar son Chultúrlann Uí Chanáin agus ba ó Thír Chonaill a tháinig 22 freagra ag tacú leis an ionad.

Taobh amuigh den fheachtas a bhí ar siúl ag an dá chultúrlann, tháinig 13 freagra i bhfoirm ríomhphoist nó litreach. Tháinig siad ó dhaoine atá fostaithe sa dá chultúrlann, ó chomhaltaí boird Chultúrlann McAdam Ó Fiaich, ó pholaiteoirí agus ó Chomhairle Chathair Dhoire agus Cheantar an tSratha Báin.

Mhol gach duine seachas beirt gan aon athrú a dhéanamh ar an scéim mhaoinithe a bhí i bhfeidhm cheana, is é sin deontas £100,305 a thabhairt do Chultúrlann Bhéal Feirste agus £123,636 do Chultúrlann Dhoire. Fostaítear triúr go lánaimseartha san ionad i mBéal Feirste agus ceathrar i nDoire.

Dúirt an Foras gur “léir ó na litreacha go raibh buairt ar dhaoine áirithe go mbeadh deireadh lena bpoist” dá laghdófaí an maoiniú do na hionaid, ach “nár cuireadh fianaise ná mionléargas ar bith ar fáil a léireodh go dtarlódh sin dá laghdófaí maoiniú na gCultúrlann”.

Níor cáineadh an dá chultúrlann ach i bhfreagra amháin a fuarthas. Maíodh gur “diúltaíodh seirbhís i nGaeilge” sa dá ionad roimhe seo agus gur chóir measúnú rialta a dhéanamh orthu agus ar an scéim mhaoinithe. Moladh don Fhoras “sainmhíniú” a bheith acu ar ‘ionad Gaeilge’ agus tuiscint a bheith ag an eagraíocht ar fheidhm na n-ionad mar “imleacán sóisialta Gaeilge”.

Seachas sin, moladh na cultúrlanna sna freagraí agus mhol formhór mór na bhfreagraí gan an status quo a athrú nó cur leis an maoiniú a chuirtear ar fáil don dá ionad.

Tá fáilte curtha roimh chinneadh an Fhorais ag an Seanadóir Niall Ó  Donnghaile ó Shinn Féin, iarmhéara Bhéal Feirste.

Dúirt Ó Donnghaile nach bhfuil dóthain airgid á chur ar fáil don Fhoras féin agus go bhfuil dualgas mór ar an dá rialtas dul i ngleic le ceist bhuiséad na heagraíochta.

“Cultúrlanna and Irish language centres play an important role in the development of the Irish language and culture, it is important that proper finance be made available,” a dúirt Ó Donnghaile.

Fág freagra ar '1,661 freagra a tugadh ar phróiseas comhairliúchán na gCultúrlann'

  • Concubhar

    Ós rud é go bhfuil leagan Gaeilge de ráiteas Uí Dhonnghaile ar fáil ón lá inné, tá sé deacair a thuiscint cén fath go bhfuil Tuairisc ag baint úsáide as an leagan Bhéarla dá ráiteas….