16 togra Gaeilge san iomaíocht ag Comórtas an Eolaí Óig i mBaile Átha Cliath inniu

Tá tograí curtha isteach ag 13 scoil Ghaeltachta agus lán-Ghaeilge ar an gcomórtas mór eolaíochta atá ar siúl san RDS i mBaile Átha Cliath go dtí an deireadh seachtaine

16 togra Gaeilge san iomaíocht ag Comórtas an Eolaí Óig i mBaile Átha Cliath inniu

Pictiúr: Mark Stedman/RollingNews.ie

Tá 16 togra curtha isteach ag 13 scoil Ghaeltachta agus lán-Ghaeilge ar Chomórtas an Eolaí Óig, atá ar siúl an tseachtain seo san RDS i mBaile Átha Cliath.

Is iad Dún na nGall agus Corcaigh na contaetha is mó a chuir tograí Gaeilge isteach ar an gcomórtas i mbliana. Pobalscoil Ghaoth Dobhair a chuir trí cinn de na ceithre thogra Gaeilge ó Dhún na nGall faoi bhráid na moltóirí. Ó Ghairmscoil Chú Uladh, atá lonnaithe sa Ghaeltacht Láir, a tháinig an ceathrú togra ón gcontae sin.

Tá tograí curtha chun cinn ag Coláiste an Phiarsaigh, Gaelcholáiste Mhuire, agus Coláiste Dhaibhéid, i gCorcaigh, chomh maith leis an scoil Ghaeltachta, Scoil Mhuire i Múscraí.

Tá tograí curtha isteach ag scoileanna Gaeltachta i gcontae na Gaillimhe chomh maith le scoileanna lán-Ghaeilge i Luimneach, Doire, Baile Átha Cliath agus Cill Chainnigh.

Beidh na tograí sin san iomaíocht i dtrí cinn de na ceithre mhór-rannóg chomórtais atá ann: ‘Na hEolaíochtaí Ceimiceacha, Fisiceacha agus Matamaiticiúla’, ‘Na hEolaíochtaí Sóisialta agus Iompraíochta’, agus ‘An Teicneolaíocht’.

Tá tograí Béarla curtha isteach ar an gcomórtas freisin ag roinnt scoileanna Gaeilge agus Gaeltachta.

Tá Comórtas an Eolaí Óig oscailte do dhaltaí bunscoile agus meánscoile ar fud na hÉireann. Chomh maith leis an gcomórtas féin, bíonn taispeántas mór ar siúl san RDS i mBaile Átha Cliath. Bíonn fáilte roimh an bpobal freastal ar an taispeántas seo agus breathnú ar na tograí éagsúla atá déanta ag na daltaí i gcaitheamh na bliana. Tá duais speisialta ann, a ndéanann Foras na Gaeilge urraíocht uirthi, don tionscnamh is fearr i nGaeilge. Bíonn tograí Gaeilge istigh ar an mórchomórtas náisiúnta chomh maith.

Fág freagra ar '16 togra Gaeilge san iomaíocht ag Comórtas an Eolaí Óig i mBaile Átha Cliath inniu'