1,500 duine ar shráideanna na Briotáine le cur in aghaidh na gciorruithe ar bhuiséad an tumoideachais

Mhaígh lucht na hagóide nach n-osclófar roinnt scoileanna an tseachtain seo mar gheall ar na ciorruithe agus go mbeadh scoileanna eile ann nach mbeadh ag feidhmiú mar a bhí anuraidh

1,500 duine ar shráideanna na Briotáine le cur in aghaidh na gciorruithe ar bhuiséad an tumoideachais

Ghlac os cionn 1,500 duine páirt in agóid ag an deireadh seachtaine i Kemper agus i Naoned na Briotáine mar gheall ar na ciorruithe atá fógartha sa réigiún i scoileanna dátheangacha ‘Diwan’, ina soláthraítear oideachas i mBriotáinis. Tá tuairim is 50 scoil Diwan sa Bhriotáin.

Cuireadh tús leis an scoilbhliain sa Fhrainc an tseachtain seo, ach sular fhill na daltaí agus a múinteoirí ar an seomra ranga, bhailigh 1,200 duine i Quimper agus 300 i Naoned, le cur in aghaidh na gciorruithe.

Mhaígh lucht na hagóide nach n-osclófar roinnt scoileanna an tseachtain seo mar gheall ar na ciorruithe agus go mbeadh scoileanna eile ann nach mbeadh ag feidhmiú mar a bhí anuraidh.

Thug Stéphanie Stoll, uachtarán Chumann na Scoileanna Diwan le fios go mbeadh ar thuismitheoirí seirbhísí naíonra a sholáthar agus sealanna oibre a dhéanamh i mbialanna na scoileanna.

“Léiríonn an léirsiú seo nach cás aon scoil amháin é agus go bhfuil fadhbanna ag na scoileanna [dátheangacha] ar fad. Aontaíonn gach duine nach féidir linn scoileanna Diwan á fhágáil ar an trá fholamh. Tá muid ag iarraidh réiteach a fháil ar an bhfadhb seo agus réiteach sciobtha.

Tá a chuid tacaíochta léirithe ag uachtarán an réigiúin, Loïg Chesnais-Girard, do na scoileanna Diwan. Dúirt sé i ráiteas gur “cuid riachtanach” de sholáthar an oideachais phoiblí sa Bhriotáin iad sna scoileanna.

“Beidh tionchar tromchúiseach ag an gcinneadh tobann deireadh a chur leis an maoiniú do na scoileanna Diwan, agus tuigim an fáth a bhfuiltear buartha faoi,” a dúirt sé.

D’éiligh sé go gcuirfí maoiniú éigeandála breise ar fáil do na scoileanna, maoiniú a chuirtear ar fáil go minic do scoileanna eile sa réigiún.

Tá 46 bunscoil, sé mheánscoil agus ardscoil amháin sa Bhriotáin a chuireann oideachas dátheangach ar fáil do 4,270 dalta.

Fág freagra ar '1,500 duine ar shráideanna na Briotáine le cur in aghaidh na gciorruithe ar bhuiséad an tumoideachais'

  • DB

    Glacaim gur i gKemper agus Naoned agus ní Quimper agus Nantes abhí an agóid.

    DB