15 mí caite ó bhí cruinniú ag Coiste Gaeilge agus Gaeltachta an Rialtais

Tá an Taoiseach ina chathaoirleach ar an gcoiste a bunaíodh in 2011 chun maoirseacht a dhéanamh ar chur i bhfeidhm na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge

06/05/2016. General Election 2016. Fine Gael leader and newly elected Taoiseach Enda Kenny with his new cabinet before they head to Aras an Uachtarain to get their Seals of Office. Photo:Merrion Street
Pictiúr:Merrion Street

15 mí ó shin a bhí a gcruinniú deireanach ag Coiste Gaeilge agus Gaeltachta an Rialtais, a bhfuil an Taoiseach ina chathaoirleach air.

Ba é an cruinniú sin, an 30 Márta 2015, an t-aon chruinniú a tionóladh anuraidh den choiste a bunaíodh chun maoirseacht a dhéanamh ar chur i bhfeidhm na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge.

Ní raibh aon chruinniú ag an gCoiste fós i mbliana agus ní heol cathain a thionólfar an chéad chruinniú eile, nó cad atá i ndán don Choiste faoin Rialtas nua.

Sé cinn de chruinnithe ar fad a bhí ag an gCoiste ó thús 2013 i leith.

Déanann an Coiste Rialtais ar an nGaeilge agus ar an nGaeltacht maoirseacht, i gcomhar le hAire na Gaeltachta, ar chur i bhfeidhm na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge.

De réir eolais a chuir Roinn na Gaeltachta ar fáil do Tuairisc.ie ba ar an 30 Márta 2015 a tionóladh an t-aon chruinniú a bhí ag an gcoiste anuraidh.

Dúirt urlabhraí ó Roinn na Gaeltachta le Tuairisc.ie nach raibh aon chruinniú ag an gcoiste fós i mbliana “mar gheall ar chúrsaí toghcháin”.

Thug an t-urlabhraí le fios nach bhfuil aon socrú déanta go fóill maidir le cathain a bheidh an chéad chruinniú eile ag an gcoiste a bhfuil an Taoiseach Enda Kenny ina chathaoirleach air.

“Ar ndóigh tá Rialtas nua i gcumhacht ón 6 Bealtaine 2016 agus tuigtear don Roinn go bhfuil roinnt fochoistí Rialtais fós le bunú, lena n-áirítear Coiste Rialtais faoin nGaeilge agus an Ghaeltacht. Sna cúinsí sin níl dáta socraithe faoi láthair don chéad chruinniú eile,” a dúirt urlabhraí Roinn na Gaeltachta.

Is é an Coiste Rialtais ar an nGaeilge agus ar an nGaeltacht an coiste is sinsearaí sa státchóras atá ag plé le cás na teanga. Tá an Taoiseach ina chathaoirleach ar an gcoiste agus bíonn idir Airí agus státseirbhísigh sinsearacha ó na ranna rialtais ag freastal ar na cruinnithe a bhíonn aige.

Dúirt an Seanadóir Trevor Ó Clochartaigh, urlabhraí Gaeilge agus Gaeltachta de chuid Shinn Féin, le Tuairisc.ie aréir go léiríonn a laghad cruinnithe a bhí ag an gcoiste an “easpa tábhachta” a shamhlaíonn Fine Gael agus Enda Kenny leis an nGaeilge agus leis an nGaeltacht.

“Tá Rialtas nua ann ach is léir nach mbeidh aon athrú polasaí i leith na Gaeilge ag Enda Kenny ná Fine Gael. Ní fhéadfadh aon duine muinín a bheith acu astu. Breathnaigh ar a laghad dul chun cinn atá déanta leis an Straitéis 20 Bliain, tá sé scannalach.

“Aon obair dhearfach a tharlós tarlóidh sé ag an gCoiste Oireachtais nua don Ghaeilge agus don Ghaeltacht. Beimid in ann rudaí a bhrú chun cinn ansin agus reachtaíocht a bhrú chun cinn ag an am céanna. Is ann a tharlós an obair dhearfach agus caithfidh an freasúra dúshlán an Rialtais a thabhairt mar ní dhéanfaidh siad tada iad féin,” a dúirt an Seanadóir Trevor Ó Clochartaigh.

Fág freagra ar '15 mí caite ó bhí cruinniú ag Coiste Gaeilge agus Gaeltachta an Rialtais'