15 comhartha gur tráchtaire frith-Ghaeilge thú…

Cad iad na comharthaí sóirt gur tráchtaire frith-Ghaeilge thú? Bhuel, tugann tú ‘Irish langugae enthusiasts’ ar chainteoirí Gaeilge agus...

1. Don’t get you wrong, níl aon fhadhb agat féin leis an nGaeilge ná lucht a labhartha. Níl ann ach…

7002243-hearts-red-love

2. Déanta na fírinne, is mór do chion ar an nGaeilge. Dar leat go bhfuil an Ghaeilge ‘mellifluos’ agus is breá leat daoine a chloisteáil á labhairt. Féachann tú ar TG4 fiú. Níl ann ach…

Linda Evangelista (Photo by Ron Galella/WireImage)

3. Is dóigh leat nach n-éireodh aon Ghaeilgeoir amach as an leaba ar maidin gan an táille chéanna a fháil a mbeadh supermodel ag súil leis as an mbeart céanna a dhéanamh.

PeigSayers_large

4. Cúis gháire duit an dá fhocal ‘Peig Sayers’. Peig Sayers! Hah! Geddit? Is dóigh leat freisin gur chúis gáirí iontu féin iad an dá fhocal ‘cúpla focail’ (sic). ‘The cúpla focail brigade’ – bíonn do chuid scríbhinní lán castaí greannmhara mar sin. Dar leat gur mór an spórt é comparáid a dhéanamh idir pobal teanga agus bunchreidmhigh bhrúidiúla ar nós an Taliban.

62614977

5. Níl tú go maith ag na sums. Maidir leis an airgead ar fad a chuirtear amú ar shlánú na Gaeilge déanann tú na milliúin de na céadta míle agus na billiúin de na milliúin. Mar shampla, agus tú ag iarraidh teacht ar an bhfigiúr don méid airgid a chaitear ar an nGaeilge sa chóras oideachais ní rithfeadh sé leat go deo gur cheart an méid airgid a chaitear ar gach gné eile den chóras oideachais seachas an Ghaeilge a chur as an áireamh.

money-down-toilet

6. Dar leat ní chaitear airgead ar an nGaeilge; déantar é a shruthlú síos an leithreas. Nuair a fheiceann tú andúileach drugaí gan teach gan treibh táibhsítear duit dlúthcheangal a bheith ann idir a chás-san agus an méid airgid a caitheadh ar Ghaeilge a chur ar thuarascáil bhliantúil Chomhairle Contae an Chláir. Dar leat gur andúileach drugaí gan teach gan treibh a bheadh i ngach Gaeilgeoir murach na pointí breise sin a fuair sé san Ardteist. An t-othar bocht sin atá ag fáil bháis ar thralaí san ospideál? Bheadh togha na haire á fháil aige agus biseach ag teacht air istigh i seomra álainn leis féin murach go gcaithfí gach focal de gach cáipéis oifigiúil a asitriú go Gaeilge.

7. Ach an oiread leis na sums níl tú rómhaith ‘ag na fíricí’.

image

8. Is dóigh leat go n-aontódh Myles na gCopaleen leat. Ní thuigeann tú go raibh do leithéidse i measc na ‘Bores’ a bhíodh ag Myles ina Cruiskeen Lawn.

9. Tugann tú ‘Irish language enthusiasts’ ar chainteoirí Gaeilge agus ‘the Irish language lobby’ ar phobal na Gaeilge. Is iontach an caitheamh aimsire an Ghaeilge ach gan dul thar fóir léi!

irish-harp

10. Is dóigh leat go measann gach Gaeilgeoir gur fearr d’Éireannach é ná tú féin. Mura mbeadh fios a mhalairt ag duine, déarfadh sé go bhfuil ‘issues’ áirithe agat i dtaobh an Éireannachais.

Make-a-Sore-Throat-Step-5

11. Sádh an Ghaeilge chomh fada sin síos do scórnach is tú ar scoil nach bhfuil aon fhocal di i do phluc anois. Is mór an feall é, mar nuair a bhíodh an múinteoir céanna ag múineadh matamatice duit ní raibh aige ach na modhanna teagaisc is tuisceanaí, is eagnaí agus is nua-aimseartha amuigh. (Shílfeá go mbeadh na sums níos fearr agat).

sindo_feb7_top

12. Tá colún agat ar an Sunday Independent

13. Dar leat go mbíonn lucht na Gaeilge ‘hysterical’ ‘fanatical’ agus ‘neurotic’. Ar ndóigh, ní oirfeadh aon cheann de na focail sin mar chur síos ort féin.

DontFeedtheTrolls5

14. Taobh istigh de nóiméad i ndiaidh don Journal.ie alt a fhoilsiú faoin nGaeilge bíonn trácht fágtha agat thíos faoi ag rá gur sádh an Ghaeilge síos do scórnach, go bhfuil níos mó cainteoirí Polainnise ná cainteoirí Gaeilge in Éirinn agus go mbeimis ar fad níos fearr as dá mbeadh an Mhaindirínís ina hábhar eigeantach don Ardteist. Peig Sayers! Taliban! Grants! Gravy Train! An cineál sin.

Robert-DeNiro_Analyze-This_HD_768x432-16x9

15. Teiripe a theastaíonn uait.


 

Comharthaí eile…

Léigh na 15 comhartha gur duine ó Béal Feirste thú… anseo

– Léigh na 15 comhartha gur duine ó Gaeltacht Thír Chonaill thú… anseo

– Léigh na 15 comhartha gur duine ó Chorca Dhuibhne tú… anseo

– Léigh na 15 comhartha gur duine as Conamara thú… anseo

– Léigh na 15 comhartha gur Gaeilgeoir as BÁC thú… anseo

Fág freagra ar '15 comhartha gur tráchtaire frith-Ghaeilge thú…'

  • Seán

    *osna*…..droch-alt le hais na gceann eile. Argóintí i bhfad níos craiceáilte agus níos íogaire agus níos greannmhaire cloiste agamsa go rialta ná iad so, faraoir.

  • Dáithí Mac Cárthaigh

    An-alt go deo.