15 comhartha gur léitheoir de chuid Tuairisc.ie thú…

Tá Tuairisc.ie bliain ar an bhfód inniu, ach cad iad na comharthaí gur léitheoir de chuid an tsuímh seo thú…

JOhn Malkovich

1) Níl tú leat féin, buíochas le Dia. 200,000 duine a thug cuairt ar Tuairisc.ie ó tháinig ann dó bliain ó shin, ar an 9 Deireadh Fómhair 2014.

2) Is breá leat Máirtín Tom Sheáinín, ach níl tú chomh tógtha sin le Ray Darcy. Tá an físeán thuas de Mháirtín Tom Sheáinín agus Máirtín Tom Sheáinín ar an bhfíseán is mó ar féachadh air le bliain anuas (cé gur fearr linn féin an ceann seo). Maidir le Ray Darcy, bhí scéal faoina dhearcadh i leith na nuachta Gaeilge ar RTÉ Raidió 1 ar an seachtú scéal is mó a léadh ar Tuairisc.ie le bliain anuas. Ba dhóigh leat ar an nglacadh a bhí ag daoine leis an scéal ar na meáin shóisialta nach bhfuil an cion céanna ag do leithéidse ar Ray is atá agat ar MTS.

Screen Shot 2015-10-09 at 00.31.03

3) Drochsheans go bhfuil tú buailte fút i mBuircíne Fasó, sa Bhútáin, i Siarra Leone, i bPoblacht na Táidsíceastáine nó i San Uineann agus na Greanáidíní. Níor tháinig ó na tíortha sin chuig Tuairisc.ie ach aon duine amháin an ceann ó seoladh an suíomh.

 

Belgium

4) Munarb as Éire, Meiriceá nó Sasana tú – an trí thír is mó óna dtagann trácht Tuairisc.ie – seans maith gur lonnaithe sa Bheilg atá tú. Tá an tír sin sa cheathrú háit ar an liosta de na tíortha is mó óna dtagann daoine ar ‘cuairt’ ar an suíomh. Tuilleadh jabanna aistriúcháin don Bhruiséil, a deir Tuairisc.ie!

 

Screen Shot 2015-10-09 at 00.31.14

5) Is mó de sheans gur fear ná bean tú agus go bhfuil iPhone seachas fón de chineál eile agat. Is fir iad 54% d’úsáideoirí Tuairisc.ie agus bíonn Apple iPhone nó Apple iPad ag 48% acu siúd a úsáideann fón póca nó taibléad le teacht ar an suíomh.

 

Screen Shot 2015-10-09 at 00.31.23

6) Tharlódh gur ar Facebook nó Twitter a tháinig tú ar an liosta seo. Is ó na meáin shóisialta a thagann aon trian de thrácht Tuairisc.ie

Porn

7) Gach seans go bhfaca tú an scéal seo cheana, an scéal is mó a léadh fós ar Tuairisc.ie.

Maitiu Ó Coimín

8) Má deireann duine leat go bhfuil baint aige le Tuairisc.ie, cuireann tú ceist air, an bhfuil aithne agat ar Mhaitiú Ó Coimín? (féach uimh. 7 thuas).

new-yorker-1 copy

9) Tá a fhios againn gur duine léannta sofaisticiúil thú a léann eagarfhocal an Guardian an chéad rud ar maidin agus a bhfuil síntiús agat don New Yorker. Dar leat go mbíonn i bhfad an iomarca scéalta faoin nGaeilge ar na meáin Ghaeilge. Táimid fós ag iarraidh a dhéanamh amach mar sin cén fáth go mbíonn an oiread sin tóir ar na scéalta ‘Gaeilge’ a bhíonn againn, leithéid an scéil seo, an cúigiú scéal is mó a léadh ar Tuairisc.ie ó tháinig ann dúinn. Idir an dá linn, tuigimid do chás agus tá gach iarracht á dhéanamh againn teacht ar ár léitheoir i San Uineann agus na Greanáidíní féachaint an rachadh sé i mbun pinn duit.

ancaighdea

10) Tá suim mhór agat i míreanna a bhaineann le saoícht na teanga agus ceartúsáid na teanga. In ainneoin a ndeirtear fút agus faoi uiscealú gan staonadh na Gaeilge, léiríonn na figiúirí go bhfuil spéis agat fiú i scéalta faoin gCaighdeán Oifigiúil.

11) Tá tú níos siabhialta agus níos béasaí ná mar a shíltear. Sular tháinig Tuairisc.ie ar an saol, dúirt go leor linn nárbh fhiú an tairbhe an trioblóid clár plé a oscailt. Ní raibh tú le trust. Chuir tú go leor cláracha plé Gaeilge eile ó mhaith cheana le do chuid trollála agus do chuid tarcaisne. Is í fírinne an scéil gur fíorannamh go mbíonn orainn trácht gránna a bhaint den suíomh, mar a mbíonn caint dheisbhéalach, théagartha agus eolgaiseach ann (don chuid is mó).

Ar son na cuise

12) Tá féith an ghrinn ionat. Éiríonn go maith i gcónaí leis na míreanna sa rannóg seo.

Screen Shot 2015-10-09 at 00.31.34

13) Bíonn tú ar Tuairisc.ie nuair ba cheart duit a bheith ag obair. Ní fiú duit é a shéanadh – tá an fhianaise againn! Seans go bhfuil tú ag cuimhneamh filleadh ar an obair anois. Tá an liosta seo fada agus 3 nóiméad deich soicind, ar an meán, a mhaireann cuairteanna ar Tuairisc.ie. Fan inti! Níl ach dhá cheann fágtha. Ní déarfaimid tada!

 

jiving

14) Is maith leat na liostaí a bhíonn againn. Tá ceithre cinn acu i measc an 20 scéal is mó a léadh ar Tuairisc.ie le bliain anuas.

Screen Shot 2015-10-09 at 00.31.51

15) Is deacair léamh ort, ach is aoibhinn linn tú!

Fág freagra ar '15 comhartha gur léitheoir de chuid Tuairisc.ie thú…'

  • Pól Réamonn

    16) Agus ar nós an Bord Oideachais & Oiliúna Chiarraí, bainím úsáid as Google Aistrigh ó am go ham.