15 comhartha gur Gaeilgeoir as Baile Átha Cliath thú…

Cad iad na comharthaí sóirt a thabharfadh le fios do dhuine gur Gaeilgeoir as Baile Átha Cliath thú? Bhuel, síleann tú go dtabharfaidh na Dubanna slán an teanga agus…

Screen Shot 2015-09-16 at 18.35.41 copy

1. D’fhreastail tú ar Choláiste Eoin nó Coláiste Íosagáin agus is den ‘chine tofa’ tú dá réir. Nó níor fhreastail tú ar Choláiste Eoin ná Coláiste Íosagáin agus tá an ghráin shíoraí shaolta agat ar na hamadáin agus na hóinseacha sotalacha ar fad a d’fhreastail ar Choláiste Eoin nó Coláiste Íosagáin.

2. Rugadh ort oíche amháin i gClub an Chonartha agus tú in flagrante delicto. Ar oíche eile, taispeánadh duit sa chlub ag a trí a chlog ar maidin an tollán ina raibh Mícheál Ó Coileáin tráth, agus mheas tú gurbh é an rud is iontaí dá bhfaca tú riamh i do shaol.

d_blackpitts7

3. Labhraítí Gaeilge sa cheantar beag ar as tú féin i bhfad níos deireanaí ná mar a thaibhsítear do dhaoine – chomh deireanach leis na 1980idí, más fíor duitse. Ar ndóigh, is de shliocht an chainteora dúchais dheireanaigh sa cheantar tú féin.

Momory stick

4. Tá focal Gaeilge agat ar gach ‘méaróg chuimhne’, ‘straoiseog’ agus ‘sreang snáthoptaice’…

Gaeil Óga2

5. Níor leag tú riamh lámh ná bróg ar pheil nó gur bunaíodh na Gaeil Óga i 2010. Anois bíonn tú ag traenáil trí oíche in aghaidh na seachtaine agus ‘togáilte’ ar an taobhlíne gach Domhnach. Bíonn tú ag maíomh go bhfuil Gaeilge líofa ag an 200 duine atá ag plé le foireann peile Bhaile Átha Cliath faoi láthair, an fhoireann peile is fearr dá raibh riamh ann, an fhoireann atá chun buachan go bog ar chábóga Chiarraí Dé Domhnaigh.

Harcourt street

6. Is breá leat an dán sin le Michael Davitt ‘Positively Sráid Fhearchair’ (‘Táim baráilte as an gclub, a Mhamaí’), ach ní thuigeann tú gur faoi do leithéidse a bhí sé ag magadh.

la-mor-gaeilge-1400x660

7. Bhí tú ‘Dearg le Fearg’ ar ‘Lá Mór na Gaeilge’ agus is ‘níos deirge agus níos feirge’ agus níos míghramadúla atá tú éirithe ó shin. Tá mearnasc go dtí suíomh An Choimisinéara Teanga ar do leathnach baile. Ach fiú má bhíonn fearg go minic ort, tá tú lán dóchais chomh maith. Tá an Ghaeltacht ag fáil bháis… Cén dochar! Mairfidh an teanga beo sa chathair! Tabharfaidh na Dubanna slán í!

clueless_fuera_de_onda_1995_8

8. Is maith leat cur le saíocht na teanga le do leaganacha féin. ‘Bí ann nó bí cearnógach’. Cinnte winnte! Dáiríriously? (‘Sea, dáiríriously…). Is dóigh leat go bhfuil a leithéid de rud ann sa Ghaeilge agus canúint bheo Bhaile Átha Cliath. Is cúis bhróid duit go labhraíonn tú Gaeilge agus tuin láidir Bhaile Átha Cliath ar do chuid cainte. Dar leat gurb iad an dream a bhíonn buartha faoi rudaí ar nós cheartfhoghraíocht na teanga atá ag marú na Gaeilge.

taxi-driver

9. ‘Tis great to hear yiz speakin’ a birra de auld Ire-ish’, a deir fear an tacsaí agus ligeann an chuid is mó againn osna le barr ciniciúlachta. Tugann tusa eolas dó faoi cá bhféadfadh sé clárú le rang Gaeilge.

french-cafe-flappers

10. Is dóigh leat gur cúis náire í nach bhfuil club oíche nó ar a laghad caifé Gaeilge i lár na cathrach. Ach dá mbeadh, is beag an baol go rachfá go dtí ceachtar acu. Ar an gcuma chéanna, cé nach mbíonn tú ag éisteacht le Raidió na Life creideann tú go bhfuil sé fíorthábhachtach go bhfuil a leithéid ann, agus dar leat go mba bhoichte saol na cathrach gan Club an Chonartha cé nach dtéann tú ann go dtí go gcaitear amach as Caifé en Seine tú.

KilaTradBand_large

11. Tá na focail ar fad de ‘Tine Lasta’ agus ‘Tóg é go bog é’ le Kila ar eolas de ghlanmheabhair agat.

Na Dubs Abu!

12. Cé go mbíonn muintir na Gaeltachta agus mórán daoine eile ag magadh fút, is tusa a choinníonn tine na teanga lasta. Is tusa a thugann aghaidh go misniúil gach lá ar ghaoth Ghallda an Pháil. Tír gan chonga, tír gan ainm! Na Dubs abú!

Dandasana-lifted-Staff-Pose-2

13. Is cuma cé mhéad Gaeilge atá agat, is leor í. Ní gá a bheith buartha faoi cur léi. An dúshlán atá ann ná a chruthú go bhfuil dóthain Gaeilge agat le pé rud is maith leat a dhéanamh – clár taistil a chur i láthair ar TG4, stand-up, pilates, speed-dating, rap, post a fháil le heagraíocht Ghaeilge.

IT Crowd

14. Is abhchóide nó cuntasóir thú agus cead agat dá bharr a bheith ag pápaireacht ar RnaG agus TG4 faoi aon ábhar faoin spéir. Go deimhin, ní gá gur abhchóide nó cuntasóir a bheadh ionat; is leor gur Gaeilgeoir as Baile Átha Cliath tú.

ernie

15. Tá tú fookin’ deadly.


– Léigh na 15 comhartha gur duine ó Béal Feirste thú… anseo

– Léigh na 15 comhartha gur duine ó Gaeltacht Thír Chonaill thú… anseo

– Léigh na 15 comhartha gur duine ó Chorca Dhuibhne tú… anseo

– Léigh na 15 comhartha gur duine as Conamara thú… anseo