140 imeacht Gaeilge ar siúl ar fud na tíre anocht d’Oíche Chultúir 2017

Tá cláir speisialta á gcur ar fáil ag Oireachtas na Gaeilge agus Ealaín na Gaeltachta anocht do phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta

140 imeacht Gaeilge ar siúl ar fud na tíre anocht d’Oíche Chultúir 2017

Beidh tuairim is 30 imeacht ar siúl don Oíche Chultúir ar fud na Gaeltachta anocht, agus 110 imeacht Gaeilge eile ar siúl ar fud na tíre.

Is í seo an tríú bliain déag an Oíche Chultúir a bheith ag tarlú ar fud na tíre agus tá cláir speisialta á gcur ar fáil ag Oireachtas na Gaeilge agus Ealaín na Gaeltachta do phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta.

Bunaíodh an Oíche Chultúir i mBaile Átha Cliath in 2005 le léiriú a thabhairt ar shaol cultúrtha na cathrach. Tháinig an-fhorbairt ar an ócáid ó shin i leith agus leath sí ar fud na tíre. Cuireadh clár speisialta ar siúl don Ghaeltacht in 2010 agus tá an Oíche Chultúir ag dul ó neart go neart le hocht mbliana anuas.

Is í Muireann Nic Amhlaoibh as Dún Chaoin atá ina hAmbasadóir d’Oíche Chultúir na Gaeltachta i mbliana. Beidh sí féin agus Síle Denvir i gClub Cléire in Oileán Chléire i nGaeltacht Chorcaí anocht d’oíche cheoil agus amhránaíochta.

“Sílimse gurb í ár dteanga dhúchais, an Ghaeilge, bunchloch ár gcultúir agus ár meoin anseo in Éirinn. Is í an Ghaeilge a thugann ár ndearcadh faoi leith dúinn ar an saol. Tugann sí rithim dár gcuid ceoil agus rince. Is í an Ghaeilge bunús na  gcora cainte sin atá chomh cruthaitheach sa Bhéarla a úsáidtear in Éirinn agus a bhí ina ndúshraith ag ár scríbhneoirí mór le rá, leithéid Joyce, Kavanagh, Yeats agus Heaney. Múnlaíonn an Ghaeilge ár gcoinsias agus ár sícé agus is í an Ghaeilge a dhéanann Éireannaigh dínn. Tír gan teanga, tír gan anam,” a dúirt Nic Amhlaoibh.

In Ionad Cultúrtha an Dochtúra Ó Loinsigh, i nGaeltacht Mhúscraí, beidh oíche airneáin á cur ar siúl le hardán a thabhairt d’ealaíona traidisiúnta an cheantair, go háirithe an amhránaíocht ar an sean-nós, agallaimh bheirte, lúibíní agus scéalaíocht.

Beidh imeacht do ghasúir ar siúl i nGaeltacht Thír Chonaill maidin amárach, Picnic na dTeidithe ag Teacht Solais Fhánada, agus níos deireanaí sa lá, ag leathuair tar éis a seacht, beidh oíche airneáin le ceoltóirí agus scéalaithe an cheantair sa Teach Solais.

Beidh an chomplacht aisteoirí Fíbín i Seanscoil Sailearna in Indreabhán lena léiriú aitheanta den dráma An Triail atá ar shiollabas na hArdteiste i mbliana. Beidh céilí mór i Maigh Cuilinn, taispeántas ceoil agus ceardaíochta i gCeardlann an Spidéil, agus scoraíocht i leabharlann na Ceathrún Rua.

I dTuar Mhic Éadaigh i nGaeltacht Mhaigh Eo beidh ‘comhrá, craic agus comhluadar’ sa Halla Pobail ar feadh na hoíche, agus imeachtaí eile in Acaill agus in Iorras.

Sa Daingean, i nGaeltacht Chiarraí, beidh imeachtaí ar siúl sa Lab agus sa Díseart.

Taobh amuigh den Ghaeltacht, is iad Oireachtas na Gaeilge a bhíonn ag plé le himeachtaí Gaeilge Oíche Chultúir. Tá 110  imeacht eagraithe ar fud na tíre do phobal na Gaeilge, méadú ar an 38 imeacht a bhí ann an chéad bhliain.

Dúirt Stiúrthóir an Oireachtais, Liam Ó Maolaodha go bhfuil “rannpháirtíocht an phobail sna healaíona agus in imeachtaí cultúir éagsúla” ar an oíche “an-luachmhar” do shochaí na tíre i gcoitinne.

“Creidimid go bhfuil sé tábhachtach go mbeadh deiseanna ag an bpobal an rannpháirtíocht sin a bheith i nGaeilge agus, le tacaíocht Fhoras na Gaeilge agus na Roinne, tá ríméad orainn go bhfuil líon na n-imeachtaí Gaeilge méadaithe arís i mbliana,” a dúirt sé.

Tá imeachtaí uile na féile saor in aisce agus tá an clár iomlán ar fáil ar shuíomh Oíche Chultúir.

Fág freagra ar '140 imeacht Gaeilge ar siúl ar fud na tíre anocht d’Oíche Chultúir 2017'