13 Deireadh Fómhair 1996 – cuimhní ar an gcéad eagrán de Foinse 20 bliain ina dhiaidh

Labhair Tuairisc.ie le cuid acu siúd a chuir an nuachtán Foinse ar fáil fiche bliain ó shim

13 Deireadh Fómhair 1996 – cuimhní ar an gcéad eagrán de Foinse 20 bliain ina dhiaidh

Cothrom an lae seo 20 bliain ó shin, cúpla seachtain sular tháinig Teilifís na Gaeilge ar an saol, tháinig cor cinniúnach eile i saol na meán Gaeilge nuair a foilsíodh an chéad eagrán den nuachtán Foinse. Seoladh an chéad eagrán in oifigí Bhord na Gaeilge i mBaile Átha Cliath agus in Óstán na Páirce sa Spidéal i nGaeltacht na Gaillimhe.

Brú ama an chuimhne is mó atá ag iar-eagarthoir an nuachtáin, Breandán Delap, atá anois ina chlár-eagarthóir le Nuacht RTÉ/TG4, ar na seachtainí roimh sheoladh Foinse.

“Bhí mé in Albain ar saoire nuair a fuair mé an glaoch ó Phádraig Ó Céidigh [úinéir an nuachtáin] agus é ag iarraidh orm bualadh leis. Ní raibh aithne agam air, ach chas mé leis nuair a tháinig mé ar ais. Bhí mé ag teagasc ag an am agus ag scríobh do The Irish Times agus Comhar agus a leithéid. An chuimhne is mó atá agam ná nach raibh mórán ama againn. Tharla sé sin ag tús mhí Mheán Fómhair, bhí mí go leith againn stuif a chur le chéile, teacht ar chlódóirí agus socruithe eile a dhéanamh,” a deir Delap le Tuairisc.ie.

Is cuimhin le Pádraig Ó Céidigh, bunaitheoir an nuachtáin, gur “leath bealaigh suas cnoc éígin in Albain” a bhí Delap nuair a chuir sé an glaoch air ag iarraidh air casadh leis chun an fiontar nua a phlé.

“Ní iriseoir mé, ní raibh aon taithí agam san earnáil sin, agus theastaigh duine uaim a raibh suim sa Ghaeilge aige agus, níos tábhachtaí, suim san iriseoireacht. Luadh ainm an fhir seo, Breandán Delap, ní raibh aon aithne agam air ach chuala mé go mbíonn sé ag scríobh. Bhí sé leath bealaigh suas cnoc in Albain nuair a ghlaoigh mé air, bhí na fóin phóca ag teacht chun cinn an uair sin, agus chas mé leis i mBaile Átha Cliath ina dhiaidh sin.

Clúdach Tuairisc.ie 2
Cliceáil anseo le méadú…

“Tháinig sé isteach agus culaith bhreá air agus labhair muid. Comhrá a bhí ann dáiríre ní agallamh, agus d’inis mé dó gur nuachtán a bheadh ann, agus go dtarlódh sé gur trí mheán na Gaeilge a bheadh na scéalta á gcur i gcló. Ní haon nuachtán cúise a bhí uainn. Bhí an-suim aige ann agus ghlac sé leis an bpost,” a deir Ó Céidigh. 

Chaith foireann Foinse an chuid is mó de shaolré an nuachtáin ag obair in oifigí ar an gCeathrú Rua, ach is cuimhin leo sin a bhí ann ón gcéad lá riamh an chéad chóiríocht a bhí ag an nuachtán – oifigí beaga i mBaile an tSagairt ar an Spidéal. Ar dhuine den mheitheal bheag sin, bhí Seán Ó Mainnín, dearthóir agus bainisteoir táirgíochta an nuachtáin a raibh blianta fada tugtha aige ag obair don Irish Press.

“Thosaigh mise ag obair an chéad Luan i ndiaidh Chluiche Ceannais na hÉireann 1996. Is cuimhin liom go bhfuair an Mhí an ceann is fearr ar Mhaigh Eo an bhliain sin. Bhí muid i ‘shed’ dáiríre, taobh thiar de mhonarcha ar an Spidéal, agus dá mbeadh sé ag cur báistí agus muid ar an bhfón, ní chloisfeadh an duine eile ach an bháisteach ar an díon sincithe!

“Ach d’oibríomar go maith le chéile mar fhoireann. Bhíomar óg agus ag iarraidh a bheith ceannródaíoch. Ar cheann de na rudaí is mó is cuimhin liom ón tréimhse sin ná an fhoireann bheag ag cruinniú timpeall i gciorcal le hainm an nuachtáin a roghnú. Bhí ‘Nuachtán’ féin mar ainm sealadach air, agus bhí deacrachtaí againn le hainm a roghnú. Mhol Dónall Mac Aodha ansin go dtabharfaí Foinse air. Bhí sé go deas, bhí sé sainiúil, agus ní raibh sé cosúil leis na nuachtáin a chuaigh roimhe, Inniu, Amárach, Anois agus araile. Shocraíomar ar Foinse,” a deir Seán Ó Mainnín.

Leagann Ó Mainnín agus Pádraig Ó Céidigh beirt an-bhéim ar an bpráinn a bhain, dar leo, le himeacht ón múnla a bhí ag nuachtáin agus foilseacháin eile Ghaeilge go dtí sin.

“Bhí uainn tús a chur le ré nua-aimseartha in iriseoireacht na Gaeilge. Mheasamar nach raibh i go leor den stuif a chuirtí i láthair mar nuacht roimhe sin ach tuairimíocht. Bhí an port céanna á chasadh ó na 1940idí, na 1950idí agus na 1960idí.

“Chaithfí bogadh ar aghaidh, bhí an saol athraithe faoi lár na nóchaidí agus sheas Breandán [Delap] an fód mar eagarthóir. Níorbh aistí ar an seanmhúnla a bhí uaidh. Bhí briseadh iomlán ann ó thaobh straitéise agus teicneolaíochta, agus sinn ag súil le múnla nua á chruthú d’iriseoireacht na Gaeilge.”

Deir Breandán Delap go raibh baint mhór ag Ó Mainnín féin le forás an nuachtáin, cé go raibh deacrachtaí le sárú.

“Bhí an-bhaint ag Seán Ó Mainnín le cur chur cinn an nuachtáin, bhí teagmhálacha aige agus tuiscint aige ar nuachtán a rith. Na nuachtáin Ghaeilge a tháinig romhainn, bhíodh go leor PR shots iontu de sheandaoine i suits ag seasamh os comhair comhartha brandáilte éigin. Thuig Seán go gcaithfeadh sé a bheith ‘bright and breezy’, mar a déarfá. Bhí deacrachtaí againn freisin, bhí daoine ár gcáineadh freisin. Rinneadh go leor anailíse orainn.

“Bhíodh daoine áirithe a rá nach raibh sé sách áitiúil, go raibh róbhéim ar chúrsaí teanga ann, agus go rabhamar ag brath an iomarca ar scéalta aduaidh. Bhí baint aige fosta le teacht TG4. Coicís ina dhiaidh sin seoladh TnaG agus bhí go leor ‘glam’ ann agus deiseanna grianghraf. Bhí muid ag iarraidh íomhá óg. B’fhéidir nach raibh na scéalta téagartha go leor ag an tús.”

Ní raibh Foinse gann ar scéalta fiúntacha, áfach, agus is cuimhin le Breandán Delap ceann amháin go háirithe.

“Bhí mé ag tórramh i nDoire, bhuail mé isteach go dtí Conradh na Gaeilge – bhí an Conradh ag gearán nach raibh a bpictiúir á gcur i gcló ag an am. Casadh fear orm a dúirt go raibh scéal tábhachtach aige. Arsa mo dhuine: ‘I thought I’d give you a heads up that the IRA are going to call a ceasefire’. Chuaigh Póilín Ní Chiaráin i mbun tochailte.

“Bhí an scéal againn an oíche sin. Is cuimhin liom clár Béarla faoi na nuachtáin agus Pat Kenny ag léamh amach an cheannlíne ar Foinse – ‘Sos Comhraic’. Bhí sé ag gach duine ina dhiaidh sin, ach sí Póilín a bhris é.”

Ar dhuine acu siúd a bhí an-tógtha leis an nuachtán nua, bhí Cathal Mac Coille agus ní fada go raibh colún aige féin ar an nuachtán.

“Ba mhór an t-ugach go raibh leithéidí Chathail, Póilín Ní Chiaráin agus Mártan Ó Ciardha linn. Iriseoirí cumasacha gairmiúla a thuig a raibh ar bun againn. Tháinig TnaG agus Foinse ar an saol ag an am céanna agus chruthaigh an dá dhream don phobal go bhféadfaí rudaí nua a dhéanamh i saol na Gaeilge. Ba le Foinse a thosaigh go leor iriseoirí óga freisin”.

Deir Pádraig Ó Céidigh go raibh an cur chuige céanna ag an mbeirt eagarthóirí a bhí ar Foinse, Breandán Delap agus Seán Tadhg Ó Gairbhí, atá ina Eagarthóir ar Tuairisc.ie.

“Bhí Breandán [Delap] ar dtús agus Seán Tadhg [Ó Gairbhí] ina dhiaidh, beirt fhear atá fós ina n-eagarthóirí ar bhealaí éagsúla. Ón gcéad eagrán sin ar aghaidh ní raibh sé i gceist ag Foinse aon chúis faoi leith a chur chun cinn agus bhí tionchar aige sin ar an gcineál iriseoireachta a tháinig ina dhiaidh i saol na Gaeilge,” a dúirt Ó Céidigh.

Tháinig Foinse ar an saol go fíorghairid i ndiaidh theacht an idirlín agus dá bharr sin bhí sé ar cheann de na nuachtáin ba nua-aimseartha in Éirinn toisc gur “léim sé isteach sa nua-theicneolaíocht”, mar a deir Seán Ó Mainnín.

“Bhí muide ar cheann de na chéad chomhlachtaí nuachta a d’úsáid an t-idirlíon. Bhí muid ag obair ar an gCeathrú Rua agus bhí an nuachtán á chur i gcló i gContae na hIarmhí,” a deir Ó Céidigh.

Deir Breandán Delap go mbeadh sé “iontach deacair” a shamhlú go bhféadfaí nuachtán náisiúnta a chur i gcló as an gCeathrú Rua nó áit ar bith eile sa Ghaeltacht cúpla bliain roimh bhunú Foinse.

“Bhí muid chun cinn ó thaobh na teicneolaíochta an chéad lá riamh. An chéad seoladh ríomhphoist a bhí agam ná ‘breandan@foinse.ie’. Bhí na scéalta ag teacht go fóill ó iriseoirí ar facs, ar floppy disk agus bhíodh corralt lámhscríofa freisin ann. D’athraigh an méid sin féin sna blianta tosaigh agus bhí muid sa ré dhigiteach cheart go luath.

“Is cuimhin liom an chéad mhórscéal a bhí againn, alt le Póilín Ní Chiaráin a bhí ann. Bhí Póilín aitheanta go náisiúnta agus ba í an t-iriseoir ba thábhachtaí a bhí againn, bhí muid ag brath go mór uirthi. Bhí scéal ag Póilín faoi shaighdiúir Briotanach a maraíodh, agus bhí an próiseas síochána díreach tosaithe. Ba é sin an príomhscéal a bhí againn ar an chéad eagrán de Foinse, go raibh an próiseas síochána i mbaol,” a deir Delap.

Bhí dhá sheoladh ag Foinse. Theastaigh ó Bhord na Gaeilge go ndéanfaí é a sheoladh ina gcuid oifigí féin i mBaile Átha Cliath, ach bhí Pádraig Ó Céidigh agus foireann an nuachtáin ag iarraidh go mbeadh seoladh Gaeltachta ann freisin.

Sheol Mícheál Ó Muircheartaigh an nuachtán in oifigí an Bhoird, agus thaistil Ó Céidigh, Delap agus Ó Mainnín ó Ghaillimh go Baile Átha Cliath in eitleán de chuid Aer Árann, comhlacht eile a bhí ag an gCéideach.

“Is cuimhin liom a bheith ag rith amach ar an aerstráice i nGaillimh chuig an eitleán, mar a rith Indiana Jones sna scannáin, agus an t-eitleán ag fanacht orainn. Bhí deifir mhór orainn an dá thrá a fhreastal, ach nuair a bhain muid oifigí an Bhoird amach i mBaile Átha Cliath ní raibh aon radharc ar an bpáipéar.

“Ar deireadh ní raibh ach b’fhéidir 20 duine fágtha san oifig, mo thuismitheoirí bródúla ina measc, agus tháinig an páipéar dhá uair a chloig déanach. Bhí orainn casadh timpeall ansin agus filleadh ar Ghaillimh, mar bhí Aire na Gaeltachta Michael D. Higgins, ag fanacht orainn in Óstán na Páirce ar an Spidéal,” a deir an Mainníneach.

Ba é seoladh Foinse ceann de “bhuaicphointí” a shaoil ag Ó Céidigh.

Faoin am ar tháinig deireadh le Foinse in 2009 de bharr easaontas maidir le maoiniú agus conradh nua, bhí Breandán Delap ag obair i TG4. Ghoill an scéal go mór air.

“Bhí mé iontach bródúil as Foinse. Bhain mé an-sult as agus bhí an fhoireann go hálainn. Bhíodh an-chraic againn i gcónaí. Bhris sé mo chroí nuair a tháinig deireadh leis.”