125 post nua in ionad glaonna i nGaoth Dobhair

Ionad glaonna a bheidh sa ghnó nua, SLM Éire Teo, a sholáthróidh seirbhísí teagmhála agus seirbhísí gnó eile dá gcuid cliaint

SLM amuigh1

Cruthófar 125 post nua i nGaoth Dobhair nuair a bhunóidh an comhlacht margaíochta digití SLM Connect gnó nua i bPáirc Ghnó Ghaoth Dobhair.

Ionad glaonna a bheidh sa ghnó nua, SLM Éire Teo, a sholáthróidh seirbhísí teagmhála agus seirbhísí gnó eile dá gcuid cliaint. Tá SLM Connect lonnaithe i Manchain i Sasana, áit ar bunaíodh an comhlacht in 2008. Tá 130 duine fostaithe ag an gcomhlacht san ionad teagmhála atá aige sa chathair sin.

“Tá fás substaintiúil tagtha ar ghnó SLM Connect le tamall anuas. Chruthaigh an t-ardú ar líon na gconarthaí atá faighte againn dúshlán dúinn. Tá spás breise de dhíth orainn chun an gnó a fhás agus a leathnú.

“Scrúdaigh muid na roghanna éagsúla agus chinn muid go bhfuil Gaoth Dobhair oiriúnach don chéad chéim eile dár bhforbairt. Cuideoidh SLM Éire linn ár gcuid oibríochtaí a leathnú a thuilleadh, an gnó a fhás agus tabhairt faoi dheiseanna úra,” a dúirt Abdul Salam, Príomhfheidhmeannach SLM Connect.

Fillfidh James Moran abhaile go Dún na nGall as Sasana le bheith ina bhainisteoir ar an gcomhlacht nua i nGaoth Dobhair. Dúirt sé gurb é ceann de na “treochtaí is mó san earnáil” ná an fonn a bhíonn ar chomhlachtaí cúram na margaíochta a thabhairt ar láimh do dhream eile seachas a bheith ag déanamh na hoibre sin iad féin.

Chuir an tAire Stáit Gaeltachta Joe McHugh agus Anna Ní Ghallachair, Cathaoirleach Údarás na Gaeltachta, araon fáilte roimh theacht an chomhlachta go n na nGall.

“Tá lúcháir mhór orm faoin fhógra seo atá déanta ag SLM Connect agus Údarás na Gaeltachta. Tá an fhostaíocht a chruthóidh sé seo fíorthábhachtach agus is dea-scéal é do Ghaoth Dobhair agus don phobal máguaird,” a dúirt an tAire Stáit McHugh.

Tá an foirgneamh atá curtha ar fáil ag Údarás na Gaeltachta “beagnach réidh” anois. Is é an foirgneamh céanna é ina mbíodh an comhlacht Iasachtaí Críonna ar Pháirc Ghnó Ghaoth Dobhair, a dúnadh sa bhliain 2008. Bhí infheistíocht €3 mhilliún déanta ag Údarás na Gaeltachta sa chomhlacht sin, a raibh aonaid aige in Acaill agus sa Daingean freisin.

Dúirt Anna Ní Ghallachair go bhfuil an tÚdarás “ag súil le bheith ag obair leis an chomhlacht sna míonna amach romhainn” le cur lena bplean ngnó.

“Léiríonn an fógra seo inniu gur féidir le plean fiontraíochta, a bhfuil na hacmhainní cuí curtha ar fáil dó, a bheith ina bhuntáiste do gach duine. Tá dul chun cinn suntasach déanta againn i dtaca leis na spriocanna a bhí leagtha síos sa phlean gníomhaíochta don cheantar. Tá muid anois ag feiceáil thoradh na hoibre sin agus tá muid ag súil go mór le leanúint leis an obair agus na spriocanna a leag muid síos do chruthú fostaíochta a bhaint amach,” a dúirt sí.

Tá sé i gceist ag SLM a bheith i mbun gnó ón ionad nua an samhradh seo agus cuirfear tús leis an bpróiseas earcaíochta go luath. Fostófar 25 duine ar dtús agus tiocfaidh méadú ar líon na bhfostaithe sna míonna ina dhiaidh sin, a dúradh.

D’fhógair an tÚdarás anuraidh go raibh sé i gceist acu 300 post nua a chruthú ar Pháirc Ghnó Ghaoth Dobhair idir 2015 agus 2018 agus go raibh infheistíocht €4.7 milliún le déanamh sa Pháirc.

Bhí Gaoth Dobhair ar cheann de na ceantair ba mheasa buailte ag an gcúlú eacnamaíochta. Cailleadh go leor post sa cheantar le roinnt blianta anuas, agus ba bhuille mór den cheantar, mar shampla, cinneadh an chomhlachta Largo Foods, i mí Mhárta 2014, aistriú go dtí a n-ionad déantúsaíochta i gContae na Mí.

Fág freagra ar '125 post nua in ionad glaonna i nGaoth Dobhair'