12 eagraíocht Ghaeilge san iomaíocht do ghradaim Sockies i mbliana

Tá an líon is mó ainmniúchán faighte ag an stáisiún Gaeilge TG4, a bhfuil cúig cinn d’ainmniúcháin faighte aige don úsáid a bhaineann an stáisiún as na meáin shóisialta éagsúla. Bhuaigh TG4 rannóg Snapchat anuraidh

12 eagraíocht Ghaeilge san iomaíocht do ghradaim Sockies i mbliana

Tá 12 eagraíocht agus comhlacht Gaeilge ainmnithe i naoi gcinn de rannóga ag na Sockies, Gradaim na Meán Cumarsáide in Éirinn, i mbliana. Tá 11 acu sin ainmnithe don rannóg nua ‘Úsáid ar na Meáin Shóisialta’ a bunaíodh den chéad uair i mbliana agus ina dtugtar aitheantas do ghrúpaí a bhíonn gníomhach i nGaeilge ar leithéidí Facebook, Twitter agus Snapchat.

Tá an líon is mó ainmniúchán faighte ag an stáisiún Gaeilge TG4. Tá TG4 ainmnithe don ghradam don aip mhóibíleach is fearr, an úsáid is fearr as Snapchat, an feachtas físeán is fearr, an úsáid is fearr as an margaíocht fíor-ama, agus an feachtas trasardán is fearr.

Anuraidh ba ar TG4 a bronnadh an gradam don úsáid is fearr a baineadh as Snapchat. Caighdeán na míreanna físe agus na pictiúir a chrochann láithreoirí an stáisiúin Ghaeilge, Mícheál Ó Ciaraidh agus Caitlín Nic Aoidh, ar an aip a thuill an gradam dóibh. Tugtar léargas ar an saol ‘taobh thiar de na ceamaraí’ ar an gcuntas atá ag an stáisiún Gaeilge agus is minic ‘aoi-shnapálaithe’ a bheith i mbun an chuntais.

Tá Seachtain na Gaeilge ainmnithe don fheachtas físeán is fearr, chomh maith leis an úsáid is fearr a bhaint as an nGaeilge ar na meáin shóisialta, an úsáid is fearr as Facebook, agus don fheachtas is fearr nach raibh buiséad ar bith taobh thiar de.

Tá ainmniúcháin faighte ag an gcomhlacht amharclannaíochta Gaeltachta, Fíbín, atá lonnaithe in Indreabhán i gCois Fharraige. Tá ainmniúcháin eile faighte ag an gcomhlacht léirithe teilifíse, Meangadh Fíbín, freisin.

Tá eagraíocht eile as Indreabhán san iomaíocht do ghradaim Sockies i mbliana chomh maith — Club Scannán Sailearna. Taispeánann Club Scannán Sailearna scannáin idirnáisiúnta i Seanscoil Sailearna i gCois Fharraige.

Tá ainmniúchán amháin faighte ag lucht déanta na haipe ‘Focal Me’, MobaNode Limited, a dhear an aip foghlama teanga. Tá an aip, a bhfuil frásaí agus nathanna cainte éagsúla i bhfoirm scríofa agus fuaime ar fáil uirthi, ainmnithe don ‘Aip Mhóibíleach is Fearr’.

Tá 10 n-iarratas san iomaíocht sa rannóg speisialta a bunaíodh i mbliana le haitheantas a thabhairt d’eagraíochtaí a bhaineann úsáid as an nGaeilge ar na meáin shóisialta ‘Úsáid [na Gaeilge] ar na Meáin Shóisialta’.

Chomh maith leis na heagraíochtaí a luadh cheana, tá An Foras Pátrúnachta, An Dream Dearg, Pop Up Gaeltacht, Raidió Rí Rá, Oireachtas na Gaeilge, Scoil na Gaeilge, an Léinn Cheiltigh agus an Bhéaloidis UCD agus Conradh na Gaeilge san iomaíocht sa rannóg nua seo.

Bronntar na Sockies ar eagraíochtaí agus ar chomhlachtaí in Éirinn a úsáideann na meáin chumarsáide éagsúla ar bhealaí nuálacha, cruthaitheacha chun iad féin a chur chun cinn.

Tá 31 rannóg sna gradaim i mbliana, cuid acu ar féidir iarratas a dhéanamh orthu, agus cuid acu a fhágtar faoi mholtóirí na Sockies féin. Tá rannóga ann do ghnólachtaí beaga, gnólachtaí móra, na meáin chumarsáide, eagraíochtaí neamhbhrabúis, agus comhlachtaí poiblí. Bronnfar gradaim don úsáid is fearr a bhaintear as Facebook, Snapchat, Twitter agus Instagram, chomh maith le gradaim eile d’aipeanna, don bhlagáil agus don fhísbhlagáil.

Is í seo an chéad bhliain a bheidh gradam ‘Úsáid na Gaeilge ar na Meáin Shóisialta’ á bhronnadh — rannóg ar leith dóibh siúd arb í an Ghaeilge an phríomhtheanga acu ar na meáin shóisialta.

Dúirt Damien Mulley, duine de lucht eagraithe an chomórtais, le Tuairisc.ie gur beartaíodh an rannóg nua Ghaeilge a chur ar bun i mbliana chun aitheantas a thabhairt d’eagraíochtaí agus do chomhlachtaí a mbíonn an Ghaeilge acu ar na meáin shóisialta.

“Ba í rannóg na Gaeilge an rannóg ba mhó ainmniúchán ag na Web Awards anuraidh, agus bhí os cionn 20 rannóg éagsúla ann. Bhíodh sí ar an rannóg ba lú ainmniúchán roimhe sin. Ba iad lucht na Gaeilge is mó gleo ag na gradaim féin chomh maith agus is breá linn sin! Anuraidh, d’iarr muid ar ár gcairde, ar cainteoirí Gaeilge iad, an scéal a scaipeadh agus tháinig na hiarratais ina rabharta ina dhiaidh sin,” a dúirt sé.