12 cineál Gaeilgeoirí a chasfar ort ag Oireachtas na Gaeilge

Cé hiad na cineálacha Gaeilgeoirí a chasfar ort ag Oireachtas na Gaeilge? Seo 12 cineál mar thús…

12 cineál Gaeilgeoirí a chasfar ort ag Oireachtas na Gaeilge

uktv-the-fast-show-special

1. An Té Atá Ann Ón Déardaoin 

Casfar an duine seo ort ag an gcuntar sa bheár is ciúine san óstán agus gan aon oidhre air ach aisteoir breise as The Walking Dead. Is ann a fhanfaidh sé don deireadh seachtaine ar fad ag insint do chách go bhfuil sé tagtha ón Déardaoin mar ‘gurb í oíche Déardaoin is fearr i gcónaí’. Ní fiú labhairt leis faoi aon rud a tharla i ndiaidh oíche Déardaoin mar ní bhfaighfidh tú mar fhreagra ach ‘Is trua nach raibh tú anseo oíche Déardaoin’ nó ‘cá raibh tú oíche Déardaoin?’ nó ‘bhí an-oíche againn oíche Déardaoin’.


free_stuff-770x575

2. An Cruinnitheoir Cíocrach 

Dar leis an duine seo is é bun agus barr an Oireachtais ná féachaint cé mhéad peann saor in aisce is féidir le duine a shá síos i mála canbháis saor in aisce. A luaithe agus a osclaítear ‘Aonach an Oireachtais’, luíonn sé isteach ar an gcarnadh. Agus é ar chamchuairt na seastán, tá sé chomh dáiríre sin faoina chúram nach mbíonn am aige ach méar a shíneadh i dtreo na n-earraí atá ar taispeáint ag na heagraíochtaí Gaeilge agus ceist ghiorraisc amháin a chur: ‘An bhfuil siadsan saor in aisce?’ Timpeall leis arís ansin nó go bhfilleann sé an athuair: ‘Tógfaidh mé ceann eile acu sin, murar mhiste leat?’


Bitcoin-paid-coffee-e1399452669531-770x432

3. An Gaeilgeoir Gairmiúil 

Murab ionann agus an an té atá ann ón Déardaoin, is ar an gCéadaoin a leaindeáil an Gaeilgeoir Gairmiúil agus é ag imeacht leis ó shin agus gach ‘Can I get a receipt with that?’ aige ó dhubh go dubh. Tá sé ag obair, bíodh a fhios agat, sin más ionann obair agus a bheith feicthe ag an seoladh oifigiúil agus lámh á croitheadh agat le Joe McHugh. Aon uair a chastar ort An Gaeilgeoir Gairmiúil bíonn sé ar tí dul a chodladh don oíche. ‘D’éirigh go hiontach linn ag an gceardlann inniu, ach tá lá mór oibre romham arís ar maidin,’ a déarfaidh sé leat sa bheár ag a trí a chlog ar maidin agus deoch eile á cur ar ‘chuntas an tseomra’ aige.


clueless-770x433

4. An Gaeilgeoir Galánta 

Tá an Gaeilgeoir Galánta ar dhuine den treabh sin a tháinig ar an saol le Teilifís na Gaeilge 20 bliain ó shin. Bíonn ‘Hiiiiiiiii!’ mór ag na Gaeilgeoirí Galánta dá chéile i gcónaí agus an oiread sin fuinnimh sa bheannú gur beag ná go gcreidfeá gur ón gcroí a thagann sé.  Ní shamhlódh an gnáthdhuine ‘evening wear’ leis an Oireachtas ach bíonn na ‘daoine áille’ seo agus suas le trí fheisteas éagsúla acu do gach lá den fhéile.

Cloisfidh tú iad ag comhrá mar seo: ‘Ta tú ag breathnú absolutely go háaaalainn!’ ‘Stopfaidh tú! Bhí mé ag ól mojitos aréir go dtí a sé ar maidin!’


5. An Gaeilgeoir Dothuigthe 

Má bheireann sé seo ort, beidh ort ligean ort féin go dtuigeann tú é agus cúpla ‘Mar sin é?, ‘Sin iad na rudaí’ nó ‘Nach bhfuil a fhios a’m?’ a scaoileadh chuige nó go n-éireoidh leat créatúr bocht eile a chur in aithne dó. (‘Bhí mé díreach ag rá an rud céanna le Darach anseo’ a mholtar agus an chros á seachadadh go dtí an chéad duine eile agat).

Sleamhnaigh leat ansin go buíoch beannachtach gan breathnú thar do ghualainn. Cé nach bhfuil an dochar céanna ann, tá gaol gairid ag An Gaeilgeoir Dothuigthe leis An Gaeilgeoir Dofhulaingthe. Beidh a leithéid ann go tréan an deireadh seachtaine seo chomh maith.


Fan-George-Wendt-770x578

6. An Té Arb É Seo An tOireachtas Deireanach Aige 

‘Ní dóigh liom go mbacfaidh mé leis an bhliain seo chugainn ar chor ar bith,’ a deireann an duine seo – faoi mar a dúirt sé anuraidh – agus é seasta ag an mbeár ag tabhairt amach gan stad faoi Oireachtas an lae inniu agus na duáilcí a bhaineann leis le hais an Oireachtais mar a bhí fadó. Ní ag tabhairt amach faoin Oireachtas amháin a bhíonn sé, ná baol air.  Drochchaighdeán na filíochta Gaeilge, ganfhiosíocht na bhforas teanga, ‘fat cats’ an Údaráis, cúl-le-cine TG4, meath RnaG agus neamhthuiscint mholtóirí an Oireachtais ar cad  is sean-nós/litríocht /Oireachtas ann.

Pléifidh sé na ceisteanna seo ar fad agus a thuilleadh nach iad leat má chastar ort é. Mura gcastar, ná bí róbhuartha faoi óir beidh sé ann arís an bhliain seo chugainn i gCill Airne.


02-770x512

7. An Mac Léinn Atá ‘Loike As A Cheann’!

Feicfidh tú agus cloisfidh tú é seo ag teacht agus é gléasta don chéilí bréigéide, nó sin a shílfeadh duine ar aon nós, cé nach féidir a bheith cinnte faoi na rudaí seo. Tá an tOireachtas ‘loike iontach’ dar leis an Mac Léinn Atá ‘Loike As A Cheann’ cé nach n-aithneodh sé lúibín thar agallamh beirte, agus dá bhfreastlódh sé ar Chomórtas na bhFear nó Comórtas na mBan, ba trí thimpiste é agus aistriúchán rólitriúl déanta ar an bpóstaer aige. Tá sé ag roinnt seomra le naonúr mac léinn craiceáilte eile, seomra ina bhfuil an folcadán lán le cannaí drochbheorach. Lena cheart a thabhairt don mhac léinn atá ‘loike as a cheann’ níl mórán dochair ann, cé go mbeadh sé ar an gcéad duine ós comhair na cúirte dá mba rud é go bhfiosrófaí coireanna teanga sa Háig. Bíonn an fear bocht fós ‘excited’ nuair a fheiceann sé Dáithí Sé agus, tar éis an tsaoil, níl sé chomh dona leis an gcineál mac léinn eile a chasfaí ort, an ‘An Reibiliúnach Gan Chliú’ a thosaíonn gach re abairt le ‘Mar a dúirt an Cadhnach…’


DSC0736-M5-770x433

8. An Fear A Bhí Ag An Seisiún Rúnda Aréir

Bíonn chuile dhuine bodhraithe ag a chur síos seo ar sheisiún ‘úntach’  i gcuideachta Mháirtín Tom Sheáinín is Maití Joe Shéamuis, seisiún a mhair go maidin i seomra rúnda ar an tríú hurlár nár chuala aon duine eile caint air. Bhí a leithéid seo agus a leithéid siúd ann agus casadh a leithéid seo nó a leithéid siúd d’amhrán chomh binn is a chuala tú riamh é. Á m’anam muna raibh oíche go maidin acu ní lá fós é!


The-Encounter-perfect-strangers-1201243_597_480

9. An Comrádaí Oireachtais

Cé go bhfuil sé seo feicthe agat ag chuile Oireachtas ó 1995, níl d’ainm agaibh ar a chéile ach ‘a chomrádaí’. Is cuimhin libh beirt an comhrá doimhin a bhí agaibh go moch ar maidin faoi laigí fhealsúnacht an iarthair ag Oireachtas 2005, ach ainmneacha a chéile? Nope! Tada!


Two young suricates

10. An Gliúcaire Gaelach

An fhaid is a bhíonn An Gliúcaire Gaelach ag caint leat bíonn sé ag breathnú thar do ghualainn ar fhaitíos go bhfeicfeadh sé duine éigin níos spéisiúla nó níos tábhachtaí ná tú. Seans gur ‘Gaeilgeoir Galánta’ freisin an ‘An Gliúcaire Gaelach’ agus, más ea, beidh a fhios agat go bhfuil an comhrá déanta agus do sheal istigh a luaithe is a chloisfidh tú an ‘Hiiiiiiiii! Tá tú ag breathnú absolutely go háaaalain!’


photo

11. Bean An Chláir Oifigiúil

Bíonn cuma fíordháiríre uirthi, cóip den chlár oifigiúil ina glaic aici agus fuadar fúithi ag imeacht, suas síos, siar is aniar, sa tóir ar Seomra 355 ar fhaitíos go gcaillfeadh sí comórtas tábhactach eile agus go mbeadh sé le rá fúithi nach raibh sí ag an gceann sin i mbliana. Seachain go seasfá i lár an bhealaigh roimpi! A luaithe is a thosaíonn Corn Uí Riada iompaíonn Bean an Chláir Oifigiúil isteach ina ‘Bean Chorn Uí Riada’. Anois bíonn sí isteach is amach as an gcomórtas mór, raidió beag lena cluais aici agus í ag insint don saol mór cé atá ag gabháil fhoinn anois agus cé a gheobhas an glaoch ar ais.


brent_2250210k-770x481

12. An Té a Chuirtear ‘Ó foc, seo chugainn…’ Roimh A Ainm Nuair A Fheictear Ag Teacht É…

Tá aithne agaibh ar fad ar an duine seo. Tá an saol go maith agus tú i gcomhluadar do chairde sa chúinne deas atá aimsithe agaibh. Téann tú go dtí an beár chun an chéad ‘round’ eile a fháil. Déanann tú an beart níos tapúla ná mar a cheap tú a dhéanfá. Tá rith an ráis leat. Nach aoibhinn a bheith beo i measc na nGael! Filleann tú ar do chairde, do chúram déanta agus oíche fhada chuileachta romhat amach. Ansin feiceann tú ag teacht é agus níl tada gur féidir a rá seachas ‘Ó foc, seo chugainn é…’ Ní ceart dúinn a bheith ag magadh. Cá bhfios ach gur sinn féin a bheadh ann?

Fág freagra ar '12 cineál Gaeilgeoirí a chasfar ort ag Oireachtas na Gaeilge'

  • alan

    ó foc, seo chugainn erectus na Gaeilge.