12 bliain de ghaisce ag Corcaigh, ach lá na cinniúna tagtha d’Áth Cliath

Is léir nach bhfuil mórán idir na foirne a thabharfaidh aghaidh ar a chéile i gcluiche ceannais na hÉireann inniu

12 bliain de ghaisce ag Corcaigh, ach lá na cinniúna tagtha d’Áth Cliath

As na scéalta agus na finscéalta go léir atá cloiste agam mar gheall ar fhoireann peile ban Chorcaí is dóigh liom gurb é an ceann mar gheall ar chraobh na bliana 2006 an ceann is mó a fhanann im chuimhne.

Ní mór an úsáid a bhí á bhaint ag an sárthosaí Nollaig Cleary as a cois dheas ó thosnaigh réabhlóid na peile faoi stiúir Éamonn Ryan dhá bhliain roimis sin, ach i gcluiche ceannais na hÉireann deich mbliana ó shin d’aimsigh sí a céad phointe riamh lena cois dheas. Bhuaigh Corcaigh an cluiche sin i gcoinne Ard Mhacha le h-aon phointe suarach amháin agus murach na h-uaireanta a chloig den chleachtadh is síorchleachtadh a bhí curtha isteach ag Cleary ag iarraidh feabhas a chur ar an ngné sin dá cuid imeartha, ní dócha go mbeadh aistear iontach na gCorcaíoch i ndán dóibh in aon chor.

Níl ansan ach scéilín beag neafaiseach a léiríonn an tairbhe a bhaineann leis an mbráca a bhain leis an obair a chuir mná Chorcaí isteach le go mbeidís ullamh d’uair an taispeántais nuair a thiocfadh sé.

Tá cúis chomh maith, gurb iad mná Chorcaí an fhoireann is fearr sa tír le breis is deich mbliana anuas i gceann de bhunscileanna an chluiche – an bhlocáil. Is léir aon uair a fhéachann tú orthu i mbun blocála go bhfuil na céadta uair a chloig cleachtadh ceirde déanta acu i gceann de na scileanna is bunúsaí agus is lú ealaíona i gcluiche na caide.

Ní dócha gur bhain imreoirí Chorcaí oiread sásaimh as aon chluiche amháin is a bhaineadar as cluiche ceannais na bliana 2014. Tháinig cúilín an bhua sa chluiche drámatúil sin sna soicindí deireanacha ó Geraldine O’Flynn. Bhí trí cinn d’iarrachtaí curtha amú roimis sin ag O’Flynn sara d’aimsigh sí an cúilín a d’fhág Áth Cliath cloíte 2-13 le 2-12. Arís, bhí baint ag taithí agus máistreacht agus síorchleachtadh leis an mbua.

As an mbuíon imreoirí a mbeidh a n-ainm in airde go deo in annála na caide i gCorcaigh, b’fhéidir gurb í Juliet Murphy is fearr mar eiseamláir. Bhí sé de bhéas ag Murphy gan an focal ‘íobairt’ a úsáid in aon chor nuair a bhíodh sí ag caint ar an obair a bhí curtha isteach sa chluiche ar feadh na mblianta aici féin. B’fhearr léi an téarma ‘roghanna buacacha’ a úsáid agus ní mór na h-imreoirí a dhein na roghanna sin níos minicí ná í féin.

De bharr gortaithe agus éirí as, ní bheidh ceachtar den dtriúr atá luaite agam (Cleary, O’Flynn agus Murphy) ag imirt i gcluiche ceannais na hÉireann i bPáirc a’ Chrócaigh inniu agus anuas air sin ar fad, tá slán fágtha ó thús na bliana ag an té ba mhó a d’fhág rian ar chlár an scóir sna deich gcinn de chluichí ceannais atá buaite ag Corcaigh, Valerie Mulcahy.

Ó d’imigh sí amach chun féarach, tá Mulcahy tosnaithe, dála scata iarimreoirí eile, ag tabhairt a breith agus a tuairimí faoi pheil na mban sna meáin agus in alt a bhí san Irish Examiner an tseachtain seo, bhí sé le rá aici gur bhain sí amach gach uile sprioc a chur sí roimpi i gcúrsaí peile ach ceann amháin – níor imir sí riamh i bPáirc a’ Chrócaigh agus ceannáras CLG lán go béal. Ní haon chúis náire é sin di ach is mór an trua go bhfuil a leithéid amhlaidh. Is mó ná san an trua nár imir Mulcahy ná a comhghleacaithe riamh i gceanncheathrú CLG Chorcaí, Páirc Uí Chaoimh. Cá bhfios nuair a bheidh an pháirc nua athchóirithe go dtiocfadh athrú ar an scéal sin ach tiocfaidh tonnbhriseadh an tseanghnáthaimh ró-dhéanach do Valerie.

Cé nach bhfuil puinn d’éachtaint fachta go dtí seo i mbliana againn ar easnamh Mulcahy, b’fhéidir gur inniu an chéad lá a bhraithfidh siad uatha naoscaire Rockbán i gceart. Tá cion beirte á dhéanamh ag Orla Finn ó thóg sí dualgas na gciceanna saora agus an t-ualach scórála uirthi féin san earrach, ach ní raibh aon triail cheart ar a dintiúirí go dtí an deireadh seachtaine seo.

Leis an mborradh atá tagtha ar pheil na mban in Áth Cliath, tá an grúpa sinsir atá ann le blianta beaga anuas ag cnagadh is ag cnagadh ar an ndoras agus gan d’fhuascailt agus de thoradh fachta acu ach an t-aon chraobh fánach amháin nár thit le Corcaigh i 2010. Bearna dhá phointe a bhí eatarthu i gcluiche ceannais na bliana seo caite tar éis taispeántas an-chosantach ó Chorcaigh agus gan ach pointe amháin eatarthu an bhliain roimis sin tar éis d’Áth Cliath bheith deich bpointe chun tosaigh agus gan ach 14 nóimeat fágtha ar an gclog.

Is léir nach bhfuil mágáine idir na foirne ach go dtí go dtiocfaidh an lá go mbeidh curadh Laighean ábalta féachaint idir an dá shúil ar Chorcaigh agus dul gob ar ghob leo sna nóimeataí deireanacha, beidh thiar i gcónaí orthu.

Ar an dtaobh eile den scéal, má éiríonn le Sinéad Aherne, Nicole Owens, Lauren Magee agus Molly Lamb a gcoimhlintí pearsanta a bhuachtaint in aghaidh laochra na gcéadta cath –  Bríd Stack, Deirdre O’Reilly, Rena Buckley agus Briege Corkery – beidh bunchloch mhaith leagtha.

Cé leis a bheidh rith an ráis mar sin? Is deacair dul thar Corcaigh. Tá an méid sin urraime tuillte acu de dhroim dhá bhliain déag de ghaisce. Ach b’fhéidir go bhfuil lá na cinniúna tagtha d’Áth Cliath. Deinim amach gur leo a bheidh an lá.

 

Fág freagra ar '12 bliain de ghaisce ag Corcaigh, ach lá na cinniúna tagtha d’Áth Cliath'