12 amhránaí óg sean-nóis cláraithe do Chomórtas Uí Chon Cheanainn in UCD amárach

Cuirfear tús leis an gcomórtas i Seomra Mhic Gearailt i gColáiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath ag a 2 a chlog amárach agus beidh saorchead isteach chuig an gcomórtas

12 amhránaí óg sean-nóis cláraithe do Chomórtas Uí Chon Cheanainn in UCD amárach

Reáchtálfar Comórtas Uí Chon Cheanainn den tríú bliain as a chéile amárach i gColáiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath. Is comórtas amhránaíochta ar an sean-nós do mhic léinn tríú leibhéal é Comórtas Uí Chon Ceanainn atá ainmnithe as an amhránaí Ciarán Ó Con Cheanainn, an duine ab óige a bhuaigh Corn Uí Riada. 

Tá 12 amhránaí óg cláraithe do chomórtas na bliana seo a bheidh á reáchtáil i Seomra Mhic Gearailt i gColáiste na hOllscoile. Is í an t-amhránaí sean-nóis mór le rá as Conamara, Sarah Ghriallais, a beidh i mbun moltóireachta ar an gcomórtas, in éineacht le Máire Ní Choilm, buaiteoir Chorn Uí Riada, agus Irial Ó Ceallaigh, buaiteoir Chorn na bhFear ag Oireachtas na Samhna.

Is í Áine Ní Bhreisleáin, Clár-Reachtaire le RTÉ Raidió na Gaeltachta sna Doirí Beaga i nGaoth Dobhair, a bheidh ina bean tí tráthnóna.

Bronnfar Corn Uí Chon Cheanainn féin ar bhuaiteoir an comórtais, chomh maith le bonn óir agus duais €300. Bronnfar bonn airgid agus €150 ar an duine a thiocfaidh sa dara háit agus bonn cré-umha agus €100 ar an duine a thiocfaidh sa tríú háit.

Doireann Ní Ghlacáin, Buaiteoir Chorn Uí Chon Cheanainn 2016

Is scoláire agus amhránaí a bhí i gCiarán Ó Con Cheanainn, arbh as Cois Fharraige i nGaeltacht na Gaillimhe é, a thug leis Corn Uí Riada ag Oireachtas na Samhna 2008 i gCorcaigh. Bhásaigh sé agus gan é ach 27 bliain d’aois in 2009. Ba é an duine is óige a bhuaigh Corn Uí Riada sular thug Nell Ní Chróinín, as Múscraí, léi an Corn ag Oireachtas na Samhna agus í 24 bliain d’aois.

Chuaigh Ciarán go mór i bhfeidhm ar mhic léinn an Choláiste agus ar a chuid comhghleacaithe agus ba í amhránaíocht na Gaeilge a shainréimse taighde. Ba bhreá an fonnadóir é agus d’éirigh leis neart gradam amhránaíochta a ghnóthú.

Dúirt bean an tí an chomórtais, Áine Ní Bhreisleáin, go bhfuil sí ag súil go mór leis an gcomórtas amárach agus gur “tráthnóna ar dóigh” a bheidh ann.

“Is rud speisialta atá ann go bhfuil an tríú bliain den chomórtas ann. Tá fás ag teacht achan bhliain air agus is ardán maith atá ann d’amhránaithe óga sean-nóis páirt a ghlacadh i gcomórtas atá spraíúil agus a chuidíonn leo an traidisiúin a choinneáil beo, agus a spreagann i dtreo an cheoil iad.

“Tá daoine as achan Ghaeltacht ann i mbliana agus tá muid thar a bheith sásta go bhfuil Sarah Ghriallais, amhránaí cónaitheach in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, linn mar mholtóir i mbliana. Cara mór le Ciarán a bhí inti agus thóg sé cuid mhór amhrán uaithi. Tugann sé gradam agus rud éigin speisialta don chomórtas go mbeidh sí linn,” a dúirt Ní Bhreisleáin.

Cuirfear tús leis an gcomórtas i Seomra Mhic Gearailt i gColáiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath ag a 2 a chlog amárach agus beidh saorchead isteach chuig an gcomórtas.