11 iarratas faighte ag Gradaim na Sockies do rannóg nua Ghaeilge

Iarradh ar chomhlachtaí agus eagraíochtaí a úsáideann Gaeilge ar na meáin shóisialta cur isteach ar Ghradaim náisiúnta na Meán Sóisialta toisc nach raibh ach eagraíocht amháin istigh air

11 iarratas faighte ag Gradaim na Sockies do rannóg nua Ghaeilge

Tá 11 iarratas faighte ag lucht eagraithe na ngradam ‘Sockies’, Gradaim na Meán Sóisialta in Éirinn, don rannóg nua Ghaeilge a bhfuil tús á chur léi i mbliana. Fógraíodh an tseachtain seo caite nach raibh ach aon iarratas amháin faighte don rannóg nua ‘Úsáid na Meán Sóisialta’ faighte ag lucht na Sockies, ach thug duine d’eagraithe an chomórtais le fios do Tuairisc.ie go bhfuil 11 ainmniúchán faighte anois agus go bhfuiltear “an-sásta” leis an méid sin.

Bronntar na Sockies ar eagraíochtaí agus ar chomhlachtaí in Éirinn a úsáideann na meáin chumarsáide éagsúla ar bhealaí nuálacha agus cruthaitheacha chun iad féin a chur chun cinn.

Anuraidh ba ar TG4 a bronnadh an gradam don úsáid is fearr a baineadh as Snapchat. Caighdeán na míreanna físe agus na pictiúir a chrochann láithreoirí an stáisiúin Ghaeilge, Mícheál Ó Ciaraidh agus Caitlín Nic Aoidh, ar an aip a thuill an gradam dóibh. Tugtar léargas ar an saol ‘taobh thiar de na ceamaraí’ ar an gcuntas atá ag an stáisiún Gaeilge agus is minic ‘aoi-shnapálaithe’ a bheith i mbun an chuntais.

Tá 31 rannóg sna gradaim i mbliana, cuid acu ar féidir iarratas a dhéanamh orthu, agus cuid acu a fhágtar faoi mholtóirí na Sockies féin. Tá rannóga ann do ghnólachtaí beaga, gnólachtaí móra, na meáin chumarsáide, eagraíochtaí neamhbhrabúis, agus comhlachtaí poiblí. Bronnfar gradaim don úsáid is fearr a bhaintear as Facebook, Snapchat, Twitter agus Instagram, chomh maith le gradaim eile d’aipeanna, don bhlagáil agus don fhísbhlagáil.

Is í seo an chéad bhliain a bheidh gradam ‘Úsáid na Gaeilge ar na Meáin Shóisialta’ á bhronnadh — rannóg ar leith dóibh siúd arb í an Ghaeilge an phríomhtheanga acu ar na meáin shóisialta.

Dúirt Damien Mulley, duine de lucht eagraithe an chomórtais, le Tuairisc.ie gur beartaíodh an rannóg nua Ghaeilge a chur ar bun i mbliana chun aitheantas a thabhairt d’eagraíochtaí agus do chomhlachtaí a mbíonn an Ghaeilge acu ar na meáin shóisialta.

“Ba í rannóg na Gaeilge an rannóg is mó ainmniúchán ag na Web Awards anuraidh as os cionn 20 rannóg éagsúla. Bhíodh sé ar an rannóg is lú ainmniúchán roimhe sin. Ba iad lucht na Gaeilge is mó gleo ag na gradaim féin chomh maith agus is breá linn sin! Anuraidh, d’iarr muid ar ár gcairde, ar cainteoirí Gaeilge iad, an scéal a scaipeadh agus tháinig na hiarratais ina rabharta ina dhiaidh sin,” a dúirt sé.

Tháinig deireadh leis an tréimhse ainmniúcháin an tseachtain seo ach is féidir iarratais a dhéanamh fós ach táille moille a íoc le lucht eagraithe an chomórtais. Fógrófar gearrliostaí na rannóg uilig i gceann cúpla seachtain.

Fág freagra ar '11 iarratas faighte ag Gradaim na Sockies do rannóg nua Ghaeilge'