Tá Paddy Power ag tuar gur seans 11/1 atá ag Acht na Gaeilge an lá a thabhairt leis. Ní ar an reachtaíocht teanga atá á éileamh ó thuaidh, áfach, atá na geallghlacadóirí ag caint, ach faoi chapall a bheidh ag rith i rás ag Páirc an Ghabhráin tráthnóna.
Beidh ‘Acht na Gaeilge’ san iomaíocht le cúig chapall eile ag a 2 a chlog i gcontae Chill Chainnigh agus súil ag lucht a traenála an duaischiste €10,000 a thabhairt leo. Is í Queen Iseult rogha na coitiantachta don rás.
Is é rás an lae inniu an chéad rás a bheidh ag Acht na Gaeilge, cliobóg dhá bhliain d’aois. Is é Kevin Manning a bheidh sa diallait tráthnóna agus súil ag traenálaí an chapaill, Jim Bolger as Loch Garman, go ndeanfaidh an marcach an bheart.
Beidh An Dream Dearg atá i mbun an fheachtais ar son na reachtaíochta Gaeilge ag coinneáil súil ghéar ar Páirc an Ghabhráin tráthnóna.
Got a tip from @DUPleader this morning. Apparently form is good and has been promised a win since 2006 ??
(Ná geall agus tú beo) ?️ pic.twitter.com/p5YlxLIuLD
— An Dream Dearg (@dreamdearg) 16 Meán Fómhair 2017
Fág freagra ar '11-1 ar ‘Acht Gaeilge’ – sa rás a dó a chlog in Gowran Park!'