1,000,000 giolc, InterGaelic agus sloinnte Gael – súil siar ar an ‘Gaeltacht Dhigiteach’ i 2015

Is iomaí rud - idir mhaith agus olc - a tharla do mhuintir na Gaeltachta Digití. Caitheann Maitiú Ó Coimín súil siar ar na scéalta ba mhó ó 2015

Tweet

muid ag teacht chuig deireadh na bliana agus arís eile bhí an-bhliain ann do na Gaeil ar líne. D’fhéadfaí a rá gurbh é an buille ba mhó a buaileadh ar son na teanga i mbliana ná aistriú Twitter, a cuireadh os comhair an phobail ‘trí thimpiste’ i mí Aibreáin.

Cuireadh tús leis an tionscnamh mar thogra slua-aistrithe roinnt mhaith blianta ó shin, mar a rinneadh le Facebook, agus fágadh an obair dheiridh faoi fhoireann bheag aistritheoirí, mar a fágadh i gcás Gmail a seoladh an bhliain seo caite.

Dúirt an tOllamh Kevin Scannell, duine de na haistritheoirí, gurbh é an focal ‘tweet’ féin an t-aistriúchán ba chonspóidí a bhí ann. Shocraigh an fhoireann cloí le litriú an Bhéarla agus is ‘tweet’, ‘tweetanna’ agus ‘tweetáil’ a fheictear go hoifigiúil ar an suíomh anois, ach mar sin féin is ‘tvuít’ atá ar tearma.ie i gcónaí agus ní hannamh a fheictear ‘giolc’ i measc úsáideoirí an tsuímh féin.

Ba é Twitter ba chúis le scéal eile mór Gaeilge i mí Aibreáin nuair a seoladh an 1,000,000ú giolc ar an 5 Aibreán – Domhnach na Cásca. Ba é beannacht Cásca @OideasGael thíos i nGleann Cholm Cille a bhain an sprioc amach díreach roimh leathuair tar éis a haon an lá sin.

Arís eile ba é Kevin Scannell a chuir amach an scéala faoin milliúnú giolc, ach mhínigh sé do Tuairisc.ie nach ealaín gan locht é comhaireamh na ngiolcacha Gaeilge. Bhunaigh sé an anailís ar ghnéithe éagsúla: na focail agus na litreacha sa ghiolc féin, céatadán na ngiolcacha i nGaeilge ón úsáideoir agus fíricí eile nach iad. “Níl sé foirfe, agus is dócha gur tharla an 1,000,000ú giolc tamall ó shin, ach níl aon spraoi sa scéal sin!” a dúirt sé i mí Aibreáin. Nocht an tOllamh an chéad ghiolc Gaeilge riamh, de réir a chuid taighde féin, do Tuairisc.ie níos luaithe i mbliana ach níor foilsíodh an t-eolas sin go dtí seo. Dar le Scannell, ba í @Aine a chuaigh go dána go háit nach ndeachaigh Gael roimpi cheana ar an 18 Nollaig 2006.

Is mór an fhorbairt tagtha ar Ghaelphobal Twitter ó chaith @Aine an giolc uaigneach sin amach sa chibearspás beagnach deich mbliana ó shin. Go deimhin, áirítear Gaeil na hAlban agus Mhanann i measc an Ghaelphobail chéanna anois agus an chumarsáid ag fás idir an trí theanga de réir a chéile.

Chuige sin a bhí an tOllamh Scannell nuair a sheol sé dhá áis le linn 2015: an foclóir Gáidhlig-Gaeilge agus InterGaelic. Dírithe ar Ghaeilgeoirí ar mhian leo an Gháidhlig a fhoghlaim nó a úsáid a bhí an foclóir a chuir sé ar fáil saor in aisce ar líne i mí Aibreáin. Tá 16,000 ceannfhocal san fhoclóir agus Scannell den tuairim go bhfuil a fhoclóir agus an t-ábhar atá istigh ann cruinn anois, ach go bhféadfaí cur leis.

multidict

Tamall i ndiaidh fhoilsiú an fhoclóra Gáidhlig-Gaeilge ar líne, tháinig an t-inneall aistriúcháin ‘InterGaelic‘ ar an bhfód. Tá an t-inneall bunaithe ar an bhfoclóir agus ar uirlisí eile a d’fhorbair an tOllamh Scannell. Is féidir téacs Gáidhlig a chur isteach ann agus caitear leagan Gaeilge amach as. Cé nach bhfuil an t-inneall go hiomlán gan smál, tá i bhfad chun tosaigh ar leithéidí Google Translate.

sin le rá nach bhfuil feabhas tagtha, nó le theacht, ar Google Translate. D’fhógair an t-ollchomhlacht idirlín i mí Mheán Fómhair go rabhthas ag lorg chúnamh an phobail le feabhas a chur ar an inneall a forbraíodh beagnach deich mbliana ó shin. Tá “pobal aistriúcháin” bunaithe anois ag Google ag súil acu go gcabhróidh daoine ilteangacha le feabhas a chur ar an tseirbhís.

Google Translate in ann aistriúchán a dhéanamh ar os cionn 90 teanga anois, agus tá an Ghaeilge ina measc siúd ó bhí an bhliain 2008 ann. Bíonn lochtanna ar chuid mhaith de na haistriúcháin sin, go háirithe i gcás mionteangacha, ach tá Google ag súil leis an droch-cháil atá tarraingthe ar an suíomh le blianta beaga anuas a dhíbirt leis an ‘Translate Community’.

Bunaithe ar nathanna is mó cuardach ar inneall cuardaigh Google atá na habairtí samplacha atá le haistriú ag úsáideoirí an tsuímh agus tá Google ag súil go gcuirfear barr feabhais ar chruinneas an innill agus go mbeidh sé in ann dul i ngleic le habairtí casta dá bharr. Beidh le feiceáil amach anseo cén tionchar a bheidh aige sin ar chruinneas na Gaeilge a chuireann Google Translate amach.

Starwars 1

Bhí feachtas mór poiblíochta ar siúl ar fud na cruinne ag Google don scannán nua Star Wars: The Force Awakens a tháinig amach i lár mhí na Nollag. Chuir sé áthas ar muintir na Gaeltachta Digití nár fágadh an Ghaeilge ar leataobh agus an feachtas idirnáisiúnta ar bun. Ag deireadh mhí na Samhna, chuir Google teanga de chuid an réaltra sin i bhfad, i bhfad i gcéin, Aurebesh, le Google Translate. Is féidir anois do rogha focal nó abairtí Gaeilge a chur isteach san inneall agus aistreofar go Aurebesh iad.

Faraor, is cosúil nach bhfuil an cion céanna ag lucht Instagram ar an teanga. Glanadh an rogha logainmneacha Gaeilge a úsáid leis an uasdátú is deireanaí a rinneadh ar an aip. Bhítí in ann clib áite a chur i nGaeilge, ‘Trá Mhór – Port Láirge’ mar shampla, le postálacha ar an suíomh roinnte pictiúr ach le tamall anuas tá an rogha sin bainte uaidh agus gan ach leaganacha Béarla ina n-áit. Tá an scéal fós á fhiosrú ag Tuairisc.ie.

Tháinig aip eile ar an bhfód i rith na bliana, áfach, a bheidh ina cúnamh mór do lucht labhartha na Gaeilge. Seoladh aip nua an Fhoclóra Béarla-Gaeilge ag Oirecahtas na Samhna in Óstán an Citywest. Is féidir teacht ar ábhar an fhoclóra nua tríd an aip gan ceangal leis an idirlíon. Tá i gceist ag lucht an fhoclóra uasdátú a dhéanamh ar an aip go luath an bhliain seo chugainn.

Dangerous Dave

Nuair a tháinig Dangerous Dave amach sna hochtóidí, orbh ann don fhocal aip sa Ghaeilge agus dá gcloisfí an focal ‘application’ i ngnáthchaint an Bhéarla, is túisce a mheasfaí gur ar iarratas poist a bhíothas ag caint. Ach i mí na Samhna, tháinig leagan aipe den chluiche cáiliúil amach don iOS agus an Ghaeilge i measc na dteangacha atá ar fáil sa leagan nua.

Dúirt dearthóir an chluiche, John Romero, go raibh sé tábhachtach dó go mbeadh leagan Gaeilge den chluiche ann agus go raibh sé ar intinn aige Gaeilge a chur ar na cluichí eile atá le teacht uaidh mar beidh sé ag bogadh go hÉirinn in 2016.

Facebook ar fáil i nGaeilge le fada anois, ach cuireadh isteach go mór ar phobal na teanga i mí Iúil nuair a tháinig sé chun solais gur dúnadh cuntas Laoiseach Ní Choisdealbha mar gheall ar an leagan Gaeilge dá hainm a bheith in úsáid aici. Tosaíodh feachtas ar líne go gairid ina dhiaidh sin agus faoi mhí Mheán Fómhair bhí an cheist socruithe ag Facebook agus ag an ngrúpa teanga Misneach tar éis cruinniú i mBaile Átha Cliath.

Dhírigh Conradh na Gaeilge feachtas dá gcuid féin ar ollchomhlacht  eile digiteach. D’iarr an Conradh ar bhaill an ghrúpa feachtais Facebook 5 Nóiméad ar Son na Gaeilge aiseolas a sheoladh chuig Apple de thoradh rúin a ritheadh ag Ard-Fheis na heagraíochta i mí Aibreáin. Chuir Siobhán Uí Dhuibhir ó Chraobh Chaiseal Mumhan an rún chun cinn go n-iarrfaí ar Apple córas Siri a chur ar fáil i nGaeilge. Ba mhór an chabhair do dhaill a bhfuil Gaeilge ar a dtoil acu a leithéid a bheith ar fáil, dar le Ó Duibhir. Tá tugtha le fios ag an gConradh go bhfuil an cheist agus na féidearthachtaí fós á bplé.

Firefox

Is iondúil go mbíonn an Ghaeilge ar fáil ar tháirgí foinse-oscailte, mar a chuireann an eagraíocht neamhbhrabús Mozilla ar fáil. Cuireadh leagan iOS den aip do Mozilla Firefox ar fáil i mí na Samhna. Tá fáil anois ar Firefox i nGaeilge (agus i nGáidhlig) ar ghléasanna Android, Apple agus ar an leagan deisce. Bhí lámh ag an Ollamh Kevin Scannell san aistriú sin freisin, ar ndóigh!

Ar deireadh, rinneadh dul chun cinn mór ar na háiseanna éagsúla teanga atá ar fáil ar líne le linn na bliana. Cuireadh os cionn 10,000 ceannfhocal nua leis an suíomh focloir.ie i mí an Mheithimh agus i mí na Nollag agus cuireadh leagan digitithe den Fhoclóir Beag leis an suíomh teanglann.ie i mí na Samhna.

Cuireadh ábhar le Dúchas.ie agus tá fáil anois ar 13 as 26 contae ar an suíomh – leath den iomlán. Seoladh Meitheal Dúchas.ie i mí Feabhra agus tá 6,000+ leathanach trascríofa ag na baill anois. Cuireadh naisc le Logainm.ie ar an suíomh freisin mar aon le cuardach téacs.

Cuireadh comhad fuaime le logainmneacha Laoise agus an Chabháin i mí an Mheithimh, rud a fhágann go bhfuil taifead fuaime ag na 26 contae ar an suíomh anois. Cruthaíodh nasc idir Logainm.ie agus PlacenamesNI.org na Bealtaine agus tá breis agus 10,000 nasc idir an dá bhunachar ar fáil anois ar shuíomh Logainm.ie.

Cuireadh 7 beatháisnéis leis an suíomh Ainm.ie i mí Aibreáin agus beatha seachtar eile i mí na Nollag. Rinneadh athdhearadh ar an suíomh sin freisin agus tá leagan freagrúil anois ar fáil.

Is iomaí rud atá beartaithe don ‘Ghaeltacht Dhigiteach’ in 2016. Beidh alt faoina bhfuil i ndán di ar Tuairisc.ie go luath san Athbhliain.

Fág freagra ar '1,000,000 giolc, InterGaelic agus sloinnte Gael – súil siar ar an ‘Gaeltacht Dhigiteach’ i 2015'