100 grúpa á lorg ag an gConradh don churiarracht dhomhanda Comhrá ’16

Tá an Conradh ag súil le “comhrá 170 uair an chloig gan stad” a chur ar bun agus súil acu go mbeidh os cionn 100 grúpa páirteach sa churiarracht dhomhanda ar fud na cruinne

Tá Conradh na Gaeilge ag iarraidh ar ghrúpaí ar fud an domhain clárú anois le haghaidh Comhrá ’16 a bheidh ag tarlú i mí Dheireadh Fómhair na bliana seo.

Is iarracht a bheidh i Comhrá ’16 an “comhrá Gaeilge is faide riamh” a reáchtáil i rith na seachtaine idir 11 agus 18 Deireadh Fómhair.

Tá an Conradh ag súil le “comhrá 170 uair an chloig gan stad” a chur ar bun agus súil acu go mbeidh os cionn 100 grúpa páirteach sa churiarracht dhomhanda ar fud na cruinne.

Tá iarrtha ag an gConradh ar scoileanna, clubanna óige, cumainn tríú leibhéal, teaghlaigh, caiféanna, grúpaí, eagraíochtaí agus gnólachtaí eile dul chomh fada lena suíomh idirlín agus seal uair an chloig a chur in áirithe.

Leag an Conradh an dúshlán céanna rompu féin le Comhrá ’15 an bhliain seo caite ina ndearnadh iarracht comhrá 170 uair an chloig a chur ar bun. Níor éirigh le Comhrá ’15 an sprioc a bhaint amach, áfach, agus seasann an churiarracht dhomhanda a baineadh amach le linn Comhrá ’14 dhá bhliain ó shin.

Is féidir clárú le Comhrá ’16 ar líne.

Fág freagra ar '100 grúpa á lorg ag an gConradh don churiarracht dhomhanda Comhrá ’16'