10-sa-lá déanta den 5-a-day ag lucht chomhcheilg an chabáiste

‘Lean an t-airgead’ a deirtear, agus i ré seo an tsárbhia níl aon dabht ach go bhfuil an té atá ag soláthar an chabáiste cáil ag carnadh na bpinginí

10-sa-lá déanta den 5-a-day ag lucht chomhcheilg an chabáiste

Cloisim go bhfuil athruithe móra ar an mbealach agus gur gearr go mbeidh deireadh leis an moladh 5-a-day (torthaí agus glasraí) a ithe agus gur 10-sa-lá atá anois á mholadh. Deich gcinn. Sa lá.

Má bhí tú den tuairim, mar a bhí mise, go bhfuil an duine daonna in ann maireachtáil go breá sásta ar thósta agus im, agus b’fhéidir corrchleimintín ar mhaithe leis an vitimín C, is cosúil go raibh dul amú orainn beirt.  

Tá an scéal sách dona ag an té a bhí ag déanamh go maith leis an nutri-bullet agus leath an gharraí á ól siar sa smúdaí chuile mhaidin acu, ach is tubaisteach amach is amach an buille é seo don té a bhí ag déanamh iontais an bhféadfaí Cadbury’s Fruit & Nut a chomhaireamh i dtreo do 5-sa-lá.

Is cosúil freisin go raibh duine éicint in áit éicint ag insint bréag dúinn an chéad lá riamh is nach raibh i gceist ó thús leis an moladh 5-sa-lá ón Eagraíocht Dhomhanda Sláinte (WHO) ach bunphointe.

Nuair a deirtear 5-sa-lá is éard atá i gceist leis ná 400g glasraí agus torthaí. De réir na moltaí nua, nó ba chirte dom a rá na moltaí a bhí ann ó thús ach nach raibh sé de mhisneach ag éinne é a rá linn, is í an sprioc dháiríre más dea-shláinte atá uait ná 800g torthaí agus glasraí a ithe chuile lá.

Uair ar bith a gcloisimse caint ar an 5-sa-lá cuimhním ar an gcabáiste cáil is déanaim iontas arbh í earnáil na ndíoltóirí cáil a chuir tús leis an bhfeachtas 5-sa-lá an chéad lá riamh. ‘Lean an t-airgead’ an comhairle a chuirfí ort dá mbeadh freagraí á lorg agat faoi chomhcheilg ar bith, agus i ré seo an tsárbhia níl aon dabht ach go bhfuil an té atá ag soláthar an chabáiste cáil ag carnadh na bpingineacha.

Sa mbliain 2015, nuair a bhí an spéirling Juno ar a bealach go Manhattan, áit a bhfuil tuairim is 1.6 milliún duine ina gcónaí, is cosúil nár rith na siopaí amach as an mbainne ná an t-arán féin, ach go raibh sciob sceab ar an gcabáiste cáil.

Nach leor mar chruthúnas an méid sin lena thaispeáint go bhfuil ag éirí le fórsaí dorcha sár-rúnda na ndíoltóirí cáil a chur ina luí orainn go bhfuil draíocht éicint sa gcabáiste seo?

Chaithfeadh go raibh muid i bhfad chun cinn ar an bhfaisean i gConamara sna hochtóidí tráth a mbíodh an cabáiste cáil leagtha ar an bpláta ag mo mháthair dúinn go minic. Dá n-íosfainn mo dhóthain de, meas tú an mairfinn go deo?

Faraor, tá a fhios agam nach mairfinn agus, go deimhin, is beag nár sciob an cabáiste cáil leis uilig mé lá amháin. Sáite sa gclár teilifíse Voyage to the Bottom of the Sea Satharn éicint a bhí  agus mé ag cogaint liom nuair a léim púca feamainne amach as cloch éicint is thosaigh ag réabadh (is féidir an fheamainn a chomhaireamh i dtreo do 10-sa-lá, dála an scéil).

Anois, rud amháin is fiú a rá faoin gcabáiste cáil ná go dteastaíonn roinnt mhaith coganta uaidh. Más ag breathnú ar an teilifís tú agus tú á ithe agus má bhaintear geit asat agus gan é sách meilte agat, tá sé chomh agat do chuid paidreacha a rá.

Díreach agus mé ag siúl i dtreo an tsolais, tharraing mo mháthair ar ais mé, sháigh sí dhá mhéar siar i mo scornach is thug aníos an meall a bhí do mo thachtadh. Chaithfeadh go raibh cion éicint aici orm.

Ó, is maith a thuigimse contúirtí an chabáiste cáil.

Mhionnaigh mé an lá sin nach n-íosfainn cabáiste cáil go deo arís. Is níl sé i gceist agam a ghabháil siar ar m’fhocal is cuma céard a deir lucht chomhcheilg an chabáiste.