10 milliún ‘filter’ Gaeilge seolta ar Snapchat in imeacht míosa

Tá os cionn 150 milliún ‘amharc’ faighte ar na scagairí Gaeilge ag úsáideoirí na haipe ar fud an domhain

10 milliún ‘filter’ Gaeilge seolta ar Snapchat in imeacht míosa

Seoladh os cionn 10 milliún geo-scagaire Gaeilge ar an aip Snapchat ó cuireadh an 32 scagaire ar fáil ag tús na míosa seo caite. Is i gcontaetha Gaeltachta is mó a baineadh úsáid as na scagairí nua, a dearadh don chomórtas ‘Gaelsnap’ a reáchtáil Conradh na Gaeilge mí Lúnasa seo caite.

Corcaigh, Gaillimh, Ciarraí, agus Dún na nGall a bhí ar bharr an liosta, agus beagnach trí mhilliún scagaire seolta ó na contaetha Gaeltachta sin in imeacht míosa.

Tá 152,500,000 ‘amharc’ faighte ar na scagairí Gaeilge ag úsáideoirí na haipe ar fud an domhain. Is éard atá i gceist le ‘amharc’ ar Snapchat ná an Snap a seoladh, nó a cuireadh ar Snapstory úsáideora, a bheith feicthe ag úsáideoir eile.

Fágann sé sin nach 10 milliún ná 152 milliún duine a d’úsáid na scagairí go dtí seo ach gur úsáideadh iad 10 milliún uair agus go bhfacthas 152 milliún uair iad. Níl staitisticí ar fáil faoi láthair faoi líon na ndaoine atá á n-úsáid. Mar sin féin, is léir ó na staitisticí atá ar fáil go bhfuil éileamh mór ar na geo-scagairí Gaeilge.

Cuireann úsáideoirí Snapchat geo-scagairí lena gcuid Snapanna chun a thaispeáint cá bhfuil siad. Seoladh an comórtas náisiúnta ‘Geosnap’ cothrom an ama seo anuraidh le dearadh a aimsiú don 32 contae.

Is é Tiobraid Árann an contae, seachas na contaetha Gaeltachta, is mó ina bhfuil úsáid á baint as na geoscagairí. Seoladh 530,400 scagaire Gaeilge ó Thiobraid Árann le mí anuas, agus chonacthas na scagairí sin os cionn sé mhilliún uair.

Tá Baile Átha Cliath sa séú háit ar an liosta, agus 481,600 scagaire Gaeilge seolta sa chontae sin. Caithfear a chur san áireamh agus na figiúirí seo á ríomh, áfach, gur iomaí rogha eile atá ar fáil do mhuintir na hardchathrach seachas an scagaire Gaeilge, murab ionann agus go leor áiteanna eile in Éirinn, rud a mbíonn tionchar aige ar líon na ndaoine a roghnaíonn an ceann Gaeilge.

Níl, mar shampla, aon gheo-scagaire, i mBéarla ná i nGaeilge, ar fáil d’fhormhór Chontae na Gaillimhe, taobh amuigh de chathair na Gaillimhe, seachas an ceann nua Gaeilge. Fágann sé sin gurb é an filter Gaeilge a eisíodh an mhí seo caite an t-aon rogha atá ag cainteoirí Béarla agus Gaeilge araon sa chontae.

Is é An Dún i gcúige Uladh an contae is lú a bhfuil úsáid á baint as an ngeo-scagaire Gaeilge. Seoladh 70,500 Snap le  scagaire Gaeilge ón gcontae sin. Is é Tír Eoghain an contae is mó ó thuaidh (287,600) ina bhfuil úsáid á baint as an ngeo-scagaire. Is é an Longfort an contae is lú ó dheas ina bhfuil úsáid á baint (109,900) as.

Dúirt Orlaith Nic Ghearailt, Feidhmeannach Feachtais Feasachta leis an gConradh, go léiríonn an úsáid atá á baint as na scagairí Gaeilge “an chumhacht atá ag an nGaeilge ar na meáin shóisialta éagsúla”.

“Is iontach an rud é gur scaip lucht tionchair, leithéidí James Kavanagh, Pippa O’Connor Ormond agus Doireann Garrihy grianghraif leis na geo-scagairí Gaeilge.

“Tá rogha na Gaeilge anois in úsáid agus ar fáil ar fud na cruinne ar Facebook, Twitter, Gmail, agus WordPress buíochas le saothar aistritheoirí pobail,” a dúirt sí.

Chuir Uachtarán an Chonartha, Niall Comer, fáilte roimh na figiúirí ó Snapchat agus dúirt go dtugtar dúshlán leis na figiúirí don “cliché seanchaite” gur teanga mharbh í an Ghaeilge, agus gur léargas “i bhfad níos dearfaí” iad ar úsáid na Gaeilge i measc an aosa óig in Éirinn.

Fág freagra ar '10 milliún ‘filter’ Gaeilge seolta ar Snapchat in imeacht míosa'