1,200,000 ‘filter’ Gaeilge seolta ar Snapchat in 48 uair an chloig

Is ó Chorcaigh a seoladh an méid is mó geo-scagairí Gaeilge sa dá lá ó eisíodh iad. Tá 15 milliún ‘radharc’ faighte ag na scagairí uilig le linn na tréimhse céanna

1,200,000 ‘filter’ Gaeilge seolta ar Snapchat in 48 uair an chloig

Seoladh os cionn 1, 200, 000 Snap le geo-scagaire Gaeilge in imeacht 48 an chloig i ndiaidh do Chonradh na Gaeilge geo-scagairí Gaeilge do gach contae in Éirinn a eisiúint ar Snapchat Dé Máirt.

Cuireann úsáideoirí Snapchat geo-scagairí lena gcuid Snapanna chun a thaispeáint cá bhfuil siad. Seoladh an comórtas náisiúnta ‘Geosnap’ cothrom an ama seo anuraidh le dearaí a aimsiú don 32 contae.

Ó shin, tá 15 milliún ‘radharc’ faighte ag na scagairí Gaeilge ó úsáideoirí na haipe ar fud an domhain. Is éard atá i gceist le ‘radharc’ ar Snapchat ná an Snap a seoladh, nó a cuireadh ar Snapstory úsáideora, a bheith feicthe ag úsáideoir eile.

Fágann sé sin nach 1.2 milliún ná 15 milliún duine a d’úsáid na scagairí go dtí seo ach gur úsáideadh iad 1.2 milliún uair agus gur chonachtas iad 15 milliún uair. Níl staitisticí ar fáil faoi láthair faoi líon na ndaoine atá á n-úsáid. Mar sin féin, is léir óna staitisticí atá ar fáil go bhfuil éileamh mór ar na geo-scagairí Gaeilge.

Tá figiúirí curtha ar fáil ag an gConradh freisin faoin úsáid atáthar a bhaint as na geo-scagairí Gaeilge de réir contae. De réir na bhfigiúirí sin, is é Corcaigh an contae is mó a bhfuil úsáid á baint as an scagaire Gaeilge atá ar fáil ann. Seoladh 119,600 Snap le scagaire ‘Corcaigh’ orthu sa chéad dá lá ó eisíodh na scagairí nua.

Sa dara háit tá an contae a bhfuil an Ghaeltacht is mó ann, Gaillimh. Seoladh 107,500 Snap le scagaire Gaeilge na Gaillimhe ó idir Dé Máirt augs Déardaoin na seachtaine seo.

Tá Baile Átha Cliath sa deichiú háit ar an liosta, agus 43,700 Snap seolta sa chontae sin. Caithfear a chur san áireamh agus na figiúirí seo á ríomh, áfach, gur iomaí rogha eile atá ar fáil do mhuintir na hardchathrach seachas an scagaire Gaeilge, murab ionann agus go leor áiteanna eile in Éirinn, rud a imríonn tionchar ar líon na ndaoine a roghnódh an ceann Gaeilge.

Níl, mar shampla, aon gheo-scagaire, i mBéarla ná i nGaeilge, ar fáil d’fhormhór Chontae na Gaillimhe, taobh amuigh de chathair na Gaillimhe, seachas an ceann nua-eisithe ag Conradh na Gaeilge. Fágann sé sin gurb é an ceann nua Gaeilge seo an t-aon rogha atá ag cainteoirí Béarla agus Gaeilge araon sa chontae.

Is é an contae is lú a bhfuil úsáid á baint as an ngeo-scagaire Gaeilge a cruthaíodh dó an Dún i gcúige Uladh. Seoladh 8,700 Snap le scagaire ón gcontae sin.

Is é Tír Eoghain an contae is mó ó thuaidh a bhfuil úsáid á baint as an ngeo-scagaire ann agus is é an Longfort an contae is lú ó dheas.

Contaetha Gaeltachta atá i gceithre cinn de na deich gcontae is mó a bhfuil úsáid á baint as na geo-scagairí Gaeilge iontu — Corcaigh, Gaillimh, Dún na nGall, Ciarraí agus Maigh Eo.