.01% de 8,367 post sa státseirbhís daingnithe mar phostanna ‘Gaeilge’

Níl ach 10 gcinn den 8,367 post atá i ndeich roinn stáit faoi láthair daingnithe mar phostanna a bhfuil riachtanas Gaeilge ag baint leo, rud a fhágann gur leor Béarla i gcás an 99.999% eile

Ceisteanna

As an 8,367 post atá i ndeich roinn stáit faoi láthair níl ach deich gcinn acu, nó .01% den iomlán, aitheanta mar phostanna a bhfuil riachtanas Gaeilge ag baint leo.

Mar chuid den chóras earcaíochta a tugadh isteach in áit chóras na marcanna bónais don Ghaeilge is faoi na ranna stáit atá sé líon na bpostanna a dteastaíonn Gaeilge ina gcomhair a ‘dhaingniú’.

Leagtar an dualgas céanna ar na ranna stáit sa Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge.

Ach de réir anailís atá déanta ag Tuairisc.ie ar eolas a fuair an Teachta Dála Éamon Ó Cuív mar thoradh ar shraith ceisteanna Dála, níl oiread is post amháin aitheanta mar phost ‘Gaeilge’ ag cuid mhaith de na ranna stáit.

Níl oiread is ceann amháin den 810 post sa  Roinn Post agus Fiontair daingnithe mar phost a bhfuil riachtanas Gaeilge ag baint leis.

Níl aon cheann den 719 post sa Roinn Comhshaoil daingnithe ach an oiread mar phost a bhfuil riachtanas Gaeilge ag baint leis.

Tá an scéal amhlaidh i gcás an 254 post sa Roinn Cumarsáide, an 356 post sa Roinn Cosanta agus an 174 post sa Roinn Leanaí agus Gnóthaí Óige agus an 292 post atá sa Roinn Airgeadais faoi láthair.

Níl oiread is post amháin aitheanta mar phost ‘Gaeilge’ ag an Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe, an roinn atá i bhfeighil pholasaí earcaíochta na státseirbhíse agus a bhfuil an cúram uirthi iarraidh ar na ranna eile postanna a bhfuil riachtanas Gaeilge leo a aithint.

Níor thug an tAire Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe le fios cé mhéad duine atá fostaithe faoi láthair ina Roinn.

Éamon Ó Cuív
Éamon Ó Cuív

As an 1,900 post atá sa Roinn Dlí agus Cirt faoi láthair níl ach ceann amháin daingnithe mar phost a bhfuil riachtanas Gaeilge ag baint leis.

Sé phost as an 3,316 post sa Roinn Talmhaíochta atá aitheanta mar phostanna a bhfuil riachtanas Gaeilge ag baint leo agus dhá phost as an 197 post i Roinn an Taoisigh atá aitheanta mar ‘phostanna Gaeilge’.

Táthar fós ag fanacht ar eolas breise ó chúig cinn den 16 roinn stáit ar iarr Éamon Ó Cuív eolas orthu.

Sean Tadhg-9

Is iad na ranna stáit nár chuir na figiúirí ar fad a iarradh orthu ar fáil ná An Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe, an Roinn Oideachais, An Roinn Coimirce Sóisialta, An Roinn Gnóthaí Eachtracha agus an Roinn Sláinte.

Má chuirtear Roinn na Gaeltachta san áireamh, as an 9,228 post atá in 11 roinn stáit faoi láthair, níl ach 67 post, nó 0.007% den iomlán, daingnithe mar phostanna a bhfuil riachtanas Gaeilge ag baint leo.

Sean Tadhg-10

Tá 57 post den 591 post atá sa Roinn Ealaíon Oidhreachta agus Gaeltachta faoi láthair daingnithe mar phostanna a bhfuil riachtanas Gaeilge ag baint leo agus tá formhór mór na bpostanna sin lonnaithe i rannóg na Gaeilge agus Gaeltachta sna Forbacha i gConamara.

Tá ‘easpa ceannaireachta’ curtha i leith ranna rialtais ag an gCoimisinéir Teanga, Rónán Ó Domhnaill, de bharr a laghad postanna a bhfuil riachtanas Gaeilge ag dul leo sa státseirbhís.

Sean Tadhg-24

Sa tuarascáil bhliantúil is déanaí a d’fhoilsigh sé, dúirt an Coimisinéir go  bhfuil “an-díomá” air “faoina laghad postanna lena mbaineann riachtanas Gaeilge leo a aithníodh taobh istigh de Ranna Rialtais”.

Sna míonna sular éirigh sé as a phost, thug an tIar-Choimisinéir Teanga, Seán Ó Cuirreáin, rabhadh don Taoiseach go mbeadh polasaí nua an Stáit chun chur le líon na gcainteoirí Gaeilge sa Státseirbhís agus sa tseirbhís phoiblí ina ‘theip shuntasach’ agus gur “Béarla éigeantach” sa státchóras a bheidh fágtha mar oidhreacht aige.

Sean Tadhg-31

Scríobh Ó Cuirreáin litir chuig an Taoiseach i Samhain na bliana 2013 le rá leis go dteipfeadh ar an gcóras a thug an rialtas isteach lena chinntiú go mbeadh Gaeilge ag dóthain fostaithe sa státseirbhís chun freastal mar is ceart ar phobal na Gaeilge.

Fág freagra ar '.01% de 8,367 post sa státseirbhís daingnithe mar phostanna ‘Gaeilge’'